Tuilleadh Eolais
Vótáil Tromlaigh Cháilithe
Faoi láthair, caithfear roinnt cinntí de Chomhairle na nAirí a dhéanamh d’aontoil agus déantar cinntí eile le Vótáil Tromlaigh Cháilithe (VTC). Faoi chóras na VTC, tugtar ualú do vóta gach Ballstát. Ní go díreach i gcomhréir leis an daonra a bhíonn sé seo, ach tugann sé cion níos mó do thíortha beaga, thar mar a bheadh acu i bhfianaise a ndaonra faoi shocrú a bheadh comhréireach go díreach.
Má dhaingnítear an Conradh, mhéadófaí líon na réimsí a mbeidh VTC i bhfeidhm lena n-aghaidh dá thoradh. D’athródh sé córas vótála na VTC laistigh den Chomhairle ó 2014.
Tuilleadh Eolais
Athruithe maidir leis an Vótáil Tromlaigh Cháilithe
Faoi láthair, tá vóta ualaithe ag gach ballstát mar seo a leanas
Bíonn 255 vóta ualaithe riachtanach le haghaidh Vóta Tromlaigh Cháilithe (VTC) faoi láthair – is ionann sin agus beagnach 74% den iomlán. D’fhanfadh an córas seo i bhfeidhm go dtí 2014. Má dhaingnítear an Conradh, ó 2014 ar aghaidh, le haghaidh tromlaigh cháilithe (ar a dtabharfar tromlach dúbailte freisin), caithfidh cinntí dhá choinníoll a chomhlíonadh:
a) caithfidh 55% de na Ballstáit toiliú leo: (mar shampla, cé go bhfuil 27 mBallstát ann, caithfidh 15 Bhallstát toiliú leis an gcinneadh);
b) caithfidh gurb ionann na ballstáit atá ag tacú leis an gcinneadh agus 65% de dhaonra an AE.
Lena chois sin, caithfidh ceithre Bhallstát ar a laghad a bheith i gcoinne cinnidh má táthar le bac a chur leis. Cinntíonn sé seo nach féidir le díreach trí chinn de na ballstáit mhóra, agus ag iad gníomhú le chéile, bac a chur le cinntí.Más lú ná ceathrar líon na mBallstát atá i gcoinne cinnidh, measfar gur sroicheadh an tromlach cáilithe fiú murar comhlíonadh an critéar ó thaobh an daonra.
RÉIMSÍ DÁ BHFUIL AN VÓTÁIL TROMLAIGH CHÁILITHE I bHFEIDHM
Faoi láthair, tá VTC i bhfeidhm le haghaidh cinntí maidir le raon leathan saincheisteanna, lena n-áirítear an talmhaíocht, rialacha iomaíochta, tomhaltóirí a chosaint agus an comhshaol. Tá sé beartaithe go gcuirfear VTC i bhfeidhm le haghaidh roinnt réimsí nua – tá fuinneamh, an tearmann agus an inimirce ó thíortha lasmuigh den AE san áireamh leis na réimsí seo. Leanfar ar aghaidh le cinntí áirithe a dhéanamh d’aontoil – tá cinntí maidir le cosaint agus cánachas san áireamh leo siúd. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh aon bhallstát athrú atá beartaithe sna réimsí seo a chrosadh.
Na réimsí nua a mbeidh VTC i bhfeidhm lena n-aghaidh
Is iad seo a leanas na príomhréimsí a bhfuil VTC i bhfeidhm lena n-aghaidh cheana féin
Laistigh den Chonradh ar an Aontas Eorpach
Iarrthóir á mholadh ag an gComhairle Eorpach le haghaidh phost Uachtarán an Choimisiúin
An Coimisiún á cheapadh ag an gComhairle Eorpach
Cinneadh lena sainmhínítear gníomh nó seasamh an AE ar bhonn cinnidh ón gComhairle Eorpach a bhaineann le leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an AE
Cinneadh lena sainmhínítear gníomh nó seasamh an AE maidir le moladh ón Ard-Ionadaí
Cinneadh lena gcuirtear cinneadh i ngníomh lena sainmhínítear gníomh nó tairiscint de chuid an AE i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála
Ionadaí speisialta á cheapadh maidir le moladh ón Ard-Ionadaí
Ceisteanna ó thaobh nósanna imeachta maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála
Ciste tionscnaimh don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála de bhun molta ón Ard-Ionadaí
Laistigh den Chonradh ar an CE (atá le hathainmniú mar an Conradh ar Fheidhmiú an AE má dhaingnítear Conradh Liospóin)
Rialacháin maidir le seirbhísí lena mbaineann leas eacnamaíoch ginearálta
Rialacháin a bhaineann le prionsabail ghinearálta agus teorainneacha an chirt le teacht ar cháipéisí institiúidí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an AE
Rialacha a bhaineann le daoine aonair a chosaint ó thaobh sonraí pearsanta a phróiseáil
Cosc ar leatrom ar fhorais náisiúnachta
Bunphrionsabail do bhearta spreagtha an AE chun tacú le gníomhartha arna ndéanamh ag na Ballstáit sa troid i gcoinne an leatroma bunaithe ar inscne, ar bhunús cine nó eitneach, ar reiligiún nó chreideamh, ar mhíchumas, aois nó ar chlaonadh gnéis, gan aon bheart comhchuibhithe a áireamh
Forálacha d’fhonn éascú le feidhmiú an chirt le gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch an AE
Dleachtanna taraife comhchustaim a bhunú de bhun mholta ón gCoimisiún
Bearta chun an comhoibriú ó thaobh cúrsaí custam a láidriú
Comheagrú margaí talmhaíochta a bhunú chomh maith le forálacha eile atá riachtanach go leanfar le cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta agus an chomhbheartais iascaigh.
Treoracha nó rialacháin lena leagfar amach na bearta atá riachtanach go bhfíorófar saoirse ghluaiseachta d’oibrithe
Forálacha a bhaineann le comhshuimiú tréimhsí don cheart ar, agus suim, sochair shóisialaigh d’oibrithe imirceacha (An aontoilíocht coinnithe maidir le forálacha a bhaineann le híocaíocht sochar do dhaoine a chónaíonn sna Ballstáit)
Treoracha a bhaineann leis an tsaoirse bhunaíochta maidir le gníomhaíocht ar leith
Roinnt gníomhaíochtaí a dhíolmhú maidir leis na bearta sa chaibidil a bhaineann leis an gceart bunaíochta
Treoracha a bhaineann le forálacha, ó thaobh an chirt bhunaíochta de, a chomhordú
Treoracha a bhaineann le dioplómaí, teastais agus fianaise eile ar cháilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach
Forálacha náisiúnta a chomhordú i dtaobh a bheith gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe
Leathnú ar na forálacha a bhaineann le seirbhís do náisiúnaigh tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí agus atá bunaithe laistigh den AE.
Treoracha a bhaineann le seirbhís shonrach a léirscaoileadh
Bearta maidir leis an ngluaiseacht chaipitil chuig agus ó thríú tíortha – caipitil a bhfuil infheistíocht díreach i gceist leis – agus infheistíocht in eastát réadach san áireamh – bunú, soláthar seirbhísí airgeadais nó urrúis a ligean isteach i margaí caipitil.
Rialacháin a bhaineann le bearta riaracháin maidir le gluaiseachtaí agus íocaíochtaí caipitil (cistí, sócmhainní airgeadais nó gnóthachain eacnamaíochta a chalcadh)
Bearta a bhaineann leis an gcomhoibriú breithiúnach i gcúrsaí coiriúla
Treoracha a bhaineann leis na bunrialacha le breithiúnais chúirte a aithint go frithpháirteach
Treoracha lena mbunaítear bunrialacha a bhaineann le cionta agus smachtbhannaí coiriúla a shainmhíniú i réimsí na coireachta tromchúisí lena mbaineann diminsean trasteorann (an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus dúshaothrú ban agus leanaí le haghaidh gnéis, an gháinneáil aindleathach ar dhrugaí agus ar airm, an choireacht eagraithe)
Sciúradh airgid, an chaimiléireacht, góchumadh modhanna íocaíochta, an choireacht le ríomhairí agus an choireacht eagraithe
Treoir lena mbunaítear íosrialacha i dtaca leis an gcomhchuibhiú maidir le cionta agus smachtbhannaí coiriúla a shainmhíniú sa réimse atá i gceist
Bearta a bhaineann le comhoibriú na bpóilíní (eolas a bhailiú agus a mhalartú, oiliúint foirne, comhtheicnící imscrúdaitheacha)
Forálacha le haghaidh iompair mhara agus aeir
Rialacha iomaíochais atá riachtanach go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach
Bearta a bhaineann le comhfhogasú forálacha náisiúnta a bhaineann le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh
Treoracha is gá chun saobhadh ar an iomaíocht i mBallstát a dhíchur agus i gcás go dteipeann ar nós imeachta an chomhairliúcháin
Rialacháin a bhaineann le rialacha mionsonraithe don nós imeachta um fhaireachán iltaobhach laistigh den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis
Bearta le hionadaíocht aontaithe a chinntiú laistigh d’institiúidí agus de chomhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.
Bearta dreasachta atá deartha chun comhoibriú a spreagadh idir Ballstáit agus chun tacú lena ngníomhartha i réimse na fostaíochta
Bearta atá deartha chun comhoibriú a spreagadh idir Ballstáit i réimse an bheartais shóisialta
Treoracha a bhaineann leis na ceanglais íosta don fheidhmiú comhleanúnach sa réimse sóisialta
Cinntí a bhaineann le Ciste Sóisialta na hEorpa a chur i ngníomh
Bearta chun tacú leis na Ballstáit agus iad a fhorlíonadh i réimse na gairmoiliúna
Bearta a dearadh chun freastal ar chúrsaí a bhaineann leis na Ballstáit uile ó thaobh na sláinte poiblí (caighdeáin a bhaineann le horgáin agus substaintí de bhunadh duine, fuil agus díorthaigh fola; réimsí na tréadliachta agus na fíteashláintíochta; caighdeáin le haghaidh táirgí liachta agus gairis le húsáid i gcúrsaí liachta)
Bearta dreasachta a dearadh chun sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú (monatóireacht, luathrabhadh faoi bhagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte agus na bagairtí sin a chomhrac, bearta chun an tsláinte phoiblí a chosaint (tobac, alcól)), gan aon bheart comhchuibhithe a áireamh.
Bearta a bhaineann leis an tomhaltóir a chosaint i gcomhthéacs an margadh inmheánach a chur i gcrích
Treoirlínte, bearta agus tionscadail chomhleasa a bhaineann le bunú agus forbairt líonraí tras-Eorpacha i réimsí na mbonneagar iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh.
Gníomhartha sonracha lasmuigh de na Cistí Struchtúracha
Rialacháin agus rialacha ginearálta is infheidhme maidir leis na Cistí Struchtúracha
Rialacháin a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a chur i ngníomh
Bearta atá riachtanach chun limistéar taighde na hEorpa a chur i ngníomh
Gníomhartha laistigh de bheartas comhshaoil na hEorpa
Cláir ghníomhaíochta ghinearálta lena leagfar amach cuspóirí a bhfuil tús áite le tabhairt dóibh agus atá le fíorú i réimse an chomhshaoil
Bearta atá riachtanach chun cuspóirí a fhíorú a bhaineann leis an gcomhar idir Ballstáit chun feabhsú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcóras le tubaistí nádúrtha agus tubaistí ar duine is cúis léi a chosc agus cosaint a thabhairt ar thubaistí den sórt sin, gan aon bheart comhchuibhithe a áireamh.
Bearta atá riachtanach chun an beartas um chomhar forbraíochta a chur i ngníomh (cláir ilbhliantúla chomhair le tíortha i mbéal forbraíochta, cláir théamacha)
Bearta atá riachtanach chun bearta um chomhar eacnamaíochta, airgeadais agus teicniúil a chur i ngníomh lena n-áirítear cúnamh, go háirithe cúnamh ó thaobh cúrsaí airgeadais de, le tríú tíortha seachas tíortha i mbéal forbraíochta
Bearta lena sainmhínítear an creat a gcuirtear oibríochtaí an AE um chabhair dhaonnúil i ngníomh faoina chuimsiú
Cur isteach nó laghdú ar chaidrimh eacnamaíochta agus airgeadais le tríú tíortha de bhun cómholta ón Ard-Ionadaí
Comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích (seachas le haghaidh comhaontuithe comhlachais nó comhaontuithe um chomhoibriú eacnamaíochta, airgeadais nó teicniúil nó má bhíonn aontoilíocht riachtanach don réimse a chlúdaítear leis an gcomhaontú)
Rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitíochta ar leibhéal Eorpach
Cinntí ó thaobh nósanna imeachta laistigh den Chomhairle agus a Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.
Coinníollacha fostaíochta agus luach saothair don uachtarán agus do bhaill na Cúirte Iniúchóirí
Rialacháin a bhaineann leis an mbuiséad a bhunú agus a chur i ngníomh, cuntais a chur i láthair agus a iniúchadh.
Bearta riachtanacha sna réimsí maidir leis an gcalaois, a théann i bhfeidhm ar leasanna airgeadais an AE, a chosc agus a throid tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí
Cinneadh ón gComhairle tar éis cinneadh le cearta vótála a chur ar fionraí
Is iad seo a leanas na príomhréimsí nua a mbeidh VTC i bhfeidhm lena n-aghaidh má dhaingnítear Conradh Liospóin:
Laistigh den Chonradh ar an AE
Uachtarán na Comhairle Eorpaí á thoghadh ag an gComhairle Eorpach
Liosta d’fhoirmíochtaí Chomhairle na nAirí á ghlacadh ag an gComhairle Eorpach
An tArd-Ionadaí á cheapadh ag an gComhairle Eorpach, le ceadú Uachtarán an Choimisiúin
Cinneadh lena sainmhínítear reacht, suíomh agus rialacha oibriúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint
Cinntí lena mbunaítear comhar buan struchtúrtha, lena gcuirtear baill nua ar fionraí nó cinntí lena nglactar iad
Clabhsúr a chur le comhaontú aistarraingthe Ballstáit tar éis do Pharlaimint na hEorpa é a cheadú agus ar iarratas an Stáit atá i gceist
Laistigh den Chonradh ar Fheidhmiú an AE
Rialacháin a bhaineann le nósanna imeachta agus coinníollacha atá riachtanach le haghaidh tionscnaimh ó shaoránaigh
Bearta meastóireachta maidir le réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais a chur i ngníomh tar éis Parlaimint na hEorpa agus parlaimintí náisiúnta a chur ar an eolas
Comhoibriú ó thaobh cúrsaí riaracháin laistigh de réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa
Bearta a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha
Bearta a bhaineann le comhchóras Eorpach maidir le tearmann
Bearta sealadacha éigeandála i gcás go dtiocfaidh sruth dídeanaithe isteach go tobann tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa
Bearta a bhaineann le comhbheartas inimirce
Bearta chun dreasachtaí agus tacaíocht a sholáthar do Bhallstáit a bhfuil imeascadh na náisiúnach ó thríú tír á chur chun cinn acu (gan bearta comhchuibhithe a áireamh)
Bearta a bhaineann leis an gcomhoibriú breithiúnach i gcúrsaí sibhialta a bhfuil diminsean trasteorann i gceist leo
Bearta chun tacú le gníomhú na mBallstát, i réimse an choisc ar an gcoireacht, agus an gníomhú sin a chur chun cinn gan aon bheart comhchuibhithe a áireamh
- Rialacháin a bhaineann le struchtúr, feidhmiú, réimse gníomhaíochta agus tascanna Europol.
Rialacha a bhunú maidir le cúrsaí iompair
Bearta a bhaineann le cearta maoine intleachtúla na hEorpa a chruthú chun cosaint aonfhoirmeach do chearta maoine intleachtúla a sholáthar ar fud an AE
Leasú ar roinnt airteagal de Reacht an Chórais Eorpaigh Bhanc Ceannais
Bearta atá riachtanach d’úsáid an euro tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach
Bearta dreasachta i réimsí an spóirt
Bearta dreasachta i réimse an chultúir
Bearta atá riachtanach le Beartas Eorpach don Spás a dhréachtú a d’fhéadfadh a bheith ina Chlár Eorpach don Spás
Bearta a bhaineann leis an mbeartas fuinnimh
Bearta lena sainmhínítear an creat leis an gcomhbheartas tráchtála a chur i ngníomh
Idirbheartaíocht i leith comhaontuithe le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse an bheartais tráchtála agus na comhaontuithe sin a thabhairt chun críche
Bearta um chúnamh airgeadais práinneach do thíortha atá i mbéal forbartha
An clásal dlúthpháirtíochta a chur i ngníomh i gcás ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste (de bhun cómholta ón Ard-Ionadaí agus ón gCoimisiún)
Cinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le foirmíochtaí Uachtaránacht na Comhairle (seachas foirmíochtaí na Comhairle Gnóthaí Eachtracha)
Leasú ar fhorálacha Reacht na Cúirte Breithiúnais (agus roinnt eisceachtaí san áireamh)
Uachtarán, leas-uachtarán agus baill Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh á gceapadh ag an gComhairle Eorpach
Rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí go rialódh Ballstáit an bealach a fheidhmíonn an Coimisiún cumhachtaí forfheidhmiúcháin
Is infheidhme an aontoilíocht faoi láthair agus leanfaidh sin ar aghaidh i gcás, i measc nithe eile, an chánachais, na slándála sóisialta agus na comhchosanta..
Cruinithe
Faoi láthair, déanann Comhairle na nAirí cinntí i ndáil phríobháideach agus reáchtálann roinnt díospóireachtaí faoi bheartais go poiblí. Má dhaingnítear Conradh Liospóin, tionólfar an Chomhairle go poiblí nuair a bheidh díospóireacht á dhéanamh faoi dhlí agus vótáil á déanamh ina leith.
Uachtaránacht na Comhairle
Faoi láthair, bíonn ionadaí an bhallstáit a bhfuil Uachtaránacht an AE ar bhonn uainíochta aige ina c(h)athaoirleach ar Chomhairle na nAirí. Maireann seal na hUachtaránachta sin ar feadh sé mhí. Má dhaingnítear Conradh Liospóin, leanfaidh sé seo ar aghaidh do gach Comhairle seachas an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, a mbeidh an tArdionadaí don Bheartas Gnóthaí Eachtracha agus Slándála ina c(h)athaoirleach uirthi.






