Ag an reifreann ar an 2ú Deireadh Fómhair, tá ceist á cur ort atá cosúil leis an gceann a cuireadh ort i Meitheamh 2008: An mian leat go ndaingneodh Éire Conradh Liospóin? Níor athraíodh Conradh Liospóin é féin.
Tá roinnt cinntí déanta ó bhí reifreann Mheitheamh 2008 ann áfach a athraíonn an comhthéacs ó thaobh cúrsaí dlí agus polaitíochta atá i gceist agus an reifreann seo á reáchtáil..
-
Tá cinneadh déanta ag an gComhairle Eorpach, má thagann Conradh Liospóin i bhfeidhm, go leanfaidh an Coimisiún Eorpach ar aghaidh agus Coimisinéir arna ainmniú ag gach ballstát, lena n-áirítear Éire, san áireamh ann..
-
Tá cinneadh déanta ag an gComhairle Eorpach freisin lena leagtar amach éifeachtaí Chonradh Liospóin ar bheartais agus ar dhlíthe na hÉireann i roinnt réimsí: an ceart chun na beatha, an teaghlach agus an t-oideachas; an cánachas; agus cúrsaí slándála agus cosanta. Níl an cinneadh seo ina chuid de Conradh Liospóin, ach tá sé i gconradh idirnáisiúnta nua a mbeidh ceangal dlí ag gabháil leis do 27 mballstát uile an AE.
Tiocfaidh an conradh idirnáisiúnta nua seo i bhfeidhm ar an lá céanna is a thiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, má dhaingníonn na ballstáit ar fad Conradh Liospóin. Tá an Chomhairle Eorpach tar éis a chomhaontú go gcuirfear prótacail isteach mar chuid de chonradh de chuid an AE a bheidh ann níos déanaí chun éifeacht iomlán a thabhairt don chinneadh seo i ndlí an AE (is dócha gur Conradh Aontachais do bhallstát nua – ar nós na Cróite nó na hÍoslainne – a bheidh sa chonradh seo). Is amhlaidh seo toisc go dtagann forálacha i gConradh de chuid an AE agus aon phrótacal a ghabhann leis chun a bheith ina gcuid de dhlí an AE agus is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach agus le cúirteanna eile iad a fhorfheidhmiú ansin ar an mbealach céanna is a dhéantar le dlíthe eile an AE.
Tá dearbhú sollúnta eisithe ag an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna sóisialta freisin, agus cearta na n-oibrithe san áireamh. Ráiteas polaitíochta is ea é seo agus níl ceangal dlí ag gabháil leis.






