The Lisbon Treaty European Commission

Lisbon Treaty European Commission

Tuilleadh Eolais

 


Mura dtagan Conradh Liospóin i bhf

eidhm


Foráiltear leis na rialacha reatha nach foláir gur lúide líon na gCoimisinéirí ná líon na mballstát nuair a bhaineann líon na mballstát 27 amach. Tá 27 mballstát ann faoi láthair mar sin, mura ndaingnítear Conradh Liospóin caithfidh go mbeidh níos lú ná 27 gcomhalta sa chéad Choimisiún eile. Foráiltear leis na rialacha reatha go gcaithfidh an Chomhairle a chinneadh, d’aontoil, cé mhéad comhalta den Choimisiún a bheidh ann. Caithfear na comhaltaí a roghnú de réir córais uainíochta a bheidh bunaithe ar phrionsabal an chomhionannais agus caithfidh an Chomhairle a chinneadh, d’aontoil, conas go díreach a bheidh sé seo le cur i ngníomh.

 

Má thagan Conradh Liospóin i bhfeidhm


Má thagann an Conradh i bhfeidhm, ainmneoidh gach ballstát Coimisinéir don tréimhse 2009-2014. Soláthraítear meicníocht le Conradh Liospóin go bhféadfar méid an Choimisiúin a laghdú ó 2014. Dá n-úsáidfí an mheicníocht seo, d’fhágfadh sé go n-ainmneodh dhá thrian de na ballstáit, seachas iad ar fad, Coimisinéir in 2014. Tá 27 mballstát ann faoi láthair. Mar sin, má fhanann líon na mballstát mar an gcéanna, bheadh 18 gCoimisinéir ann sa tréimhse 2014 – 2019.

Faoin meicníocht seo, bheadh an ceart le Coimisinéir a ainmniú á thabhairt ar aghaidh ar bhonn uainíochta i measc na mballstát ar bhonn comhionann. Ciallaíonn sé seo go n-ainmneodh gach ballstát comhalta den Choimisiún le haghaidh dhá Choimisiún as gach trí Choimisiún (is é sin, ar feadh 10 mbliana as gach timthriall 15 bliana).


Tá cinneadh déanta ag an gComhairle Eorpach áfach, má dhaingnítear Conradh Liospóin, nach gcuirfidh sí an mheicníocht seo i ngníomh in 2014 agus go leanfaidh sí ar aghaidh, ina áit sin, leis an socrú atá ann faoi láthair a fhágann go n-ainmníonn gach ballstát Coimisinéir.

MORE INFORMATION