The Lisbon Treaty European Parliament

Lisbon Treaty European Parliament

 

Tuilleadh Eolais


An próiseas cinnteoireachta

Tugtar an ‘chomhchinnteoireacht’ ar an ngnáthbhealach a dhéanann an AE dlíthe. Is é seo a bhíonn ag tarlú: déanann an Coimisiún moladh; pléann an Chomhairle (Comhairle na nAirí) agus Parlaimint na hEorpa é agus féadfaidh an dá cheann athruithe a dhéanamh; agus is í an Chomhairle agus an Pharlaimint i gcomhar lena chéile a dhéanann an cinneadh deiridh ansin.

Tá nósanna imeachta sonracha ó thaobh na cinnteoireachta de ann i ndáil leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus is í an Chomhairle aisti féin a dhéanann cinntí ina leith sin.

Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go n-athainmneofar nós imeachta na comhchinnteoireachta agus an ‘Gnáthnós Imeachta Reachtach’ d’ainm air. Tá sé beartaithe leis freisin go n-athainmneofar na nósanna imeachta cinnteoireachta lena ndéanann an Chomhairle cinntí aisti fein. Thabharfaí ‘Nósanna Imeachta Reachtacha Speisialta’ orthu seo..

Tuilleadh Eolais

An Chomhchinnteoireacht

Is é an chomhchinnteoireacht an téarma a úsáidtear anois chun cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas trína ndéanann an Coimisiún moltaí le haghaidh beartas agus dlíthe agus go ndéanann Comhairle na nAirí agus Parlaimint na hEorpa cinntí maidir leis na moltaí sin i gcomhar lena chéile.

 

Gnáthnós Imeachta Reachtach

Is é seo an téarma a úsáidtear i gConradh Liospóin chun cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas trína ndéanann an Coimisiún moltaí le haghaidh beartas agus dlíthe agus go ndéanann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa cinntí maidir leis na moltaí sin i gcomhar lena chéile. Tagann sé in ionad an téarma “an Chomhchinnteoireacht”.

 

Conas a oibríonn an chomhchinnteoireacht

Bíonn sraith chéimeanna i gceist:

Déanann an Coimisiún moladh a sheoltar chuig Comhairle na nAirí agus Parlaimint na hEorpa. (I roinnt cásanna caithfear dul i gcomhairle le ceann amháin nó leis an dá cheann de na Coistí seo – an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún; féadfaidh siad tuairim a thabhairt ach níl aon chumhachtaí cinnteoireachta acu).

Bíonn an chéad léamh ag Parlaimint na hEorpa air agus tugann sí a tuairim.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa an moladh a chomhaontú faoi mar atá sé nó féadfaidh sí leasuithe a mholadh. Má mholann an pharlaimint leasuithe, féadfaidh an Coimisiún an moladh a leasú chun na leasuithe sin a chur san áireamh nó féadfaidh sé dul ar aghaidh leis an moladh bunaidh.

Scrúdaíonn an Chomhairle an moladh ansin san fhoirm ina gcuireann an Coimisiún i láthair anois é.

Féadfaidh an Chomhairle:
  • moladh an Choimisiúin, nach bhfuil leasaithe ag Parlaimint na hEorpa, a ghlacadh gan aon athrú: ciallaíonn sé seo go nglactar an moladh;

  • leasuithe uile Pharlaimint na hEorpa, atá curtha isteach mar chuid dá mholadh leasaithe ag an gCoimisiún, a ghlacadh: ciallaíonn sé seo go nglactar an moladh;

  • comhsheasamh a ghlacadh – tarlaíonn sé seo i ngach cás eile.

 

 

Comhsheasamh na Comhairle

Mura n-aontaíonn an Chomhairle le tuairimí Pharlaimint na hEorpa faoin moladh, glacann sé comhsheasamh. Seoltar é seo chuig Parlaimint na hEorpa in éineacht le ráiteas cúiseanna.

Mura n-aontaíonn an Chomhairle leis an moladh tosaigh agus mura mbíonn aon leasuithe molta ag Parlaimint na hEorpa, glacann sí comhsheasamh.

Leagann an Coimisiún amach ansin cén fáth go bhfuil sé sásta tacú leis an gcomhsheasamh nó cur ina choinne.

Pléann Parlaimint na hEorpa an comhsheasamh. Tugtar an dara léamh air seo.

Má cheadaíonn Parlaimint na hEorpa an comhsheasamh nó má theipeann uirthi leasuithe a ghlacadh nó mura ndéanann sí cinneadh faoi cheann na dteorainneacha ama, ceadaítear an comhsheasamh agus glactar an moladh.

Má dhiúltaíonn Parlaimint na hEorpa don chomhsheasamh, teipeann ar an moladh.

Má mholann an pharlaimint leasuithe ar an gcomhsheasamh, seoltar an moladh leasaithe chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Tugann an Coimisiún tuairim ansin maidir le leasuithe Pharlaimint na hEorpa. Mura mbíonn an Coimisiún sásta aon cheann de na leasuithe a ghlacadh, is d’aon toil amháin a fhéadfaidh an Chomhairle na leasuithe a ghlacadh.

Reáchtálann an Chomhairle dara léamh ansin. Féadfaidh sí an moladh leasaithe a ghlacadh ach caithfear é sin a dhéanamh d’aon toil mura nglacann an Coimisiún le haon cheann de na leasuithe. Má ghlacann an Coimisiún leis, glactar an moladh ansin faoi mar a leasaíodh é.

Mura gceadaíonn an Chomhairle an moladh faoi mar a leasaíodh é gaireann Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa cruinniú den Choiste Idir-Réitigh.  Tá sé seo comhdhéanta de bhaill na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus de líon comhionann d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, chomh maith leis an gCoimisinéir freagrach. Féadfaidh idirbheartaíocht tarlú maidir leis na saincheisteanna nach bhfuiltear ar aon intinn le chéile faoi. Más féidir leo comhréiteach a chomhaontú, glacann an Chomhairle agus an Pharlaimint an comhréiteach sin. Mura gcomhaontaíonn siad comhréiteach, teipeann ar an moladh.

Tá tuilleadh mionsonraí ar fáil ag:

http://ec.europa.eu/codecision/stepbystep/text/index_en.htm
http://ec.europa.eu/codecision/stepbystep/diagram_en.htm

 

MORE INFORMATION

  • DOWNLOAD TREATY
  • HISTORY
  • NEWS
  • DOWNLOAD GUIDE
  • DOWNLOAD GUIDE
  • REFERENDUM COMMISSION
  • CONTACT US