The Lisbon Treaty FAQ

Lisbon Treaty 2009

Céard a chiallaíonn ‘daingniú’?



Is éard is daingniú ann ná an próiseas trína roghnaíonn Stát (amhail Éire) le bheith faoi cheangal ag dlí idirnáisiúnta le conradh (amhail Conradh Liospóin) a chomhlíonadh.

Céard a chiallaíonn “inniúlacht an AE”?


Is é inniúlacht an téarma a úsáidtear i gConradh Liospóin chun cur síos a dhéanamh ar an gcumhacht atá ag an AE le dlíthe agus beartais a cheapadh. Féadfaidh an AE beartais agus dlíthe a thabhairt isteach i ndáil leis na réimsí sin a leagtar amach sna conarthaí agus i ndáil leis na réimsí sin amháin.

 

An bhfuil difríocht idir Comhairle na nAirí agus an              Chomhairle Eorpach?


Tá Comhairle na nAirí comhdhéanta d’aire ó gach ballstát. Is é a teideal ceart ná “An Chomhairle” ach tugtar “Comhairle na nAirí” uirthi go coitianta. Cuid den chúis a ndéantar seo ná chun idirdhealú a dhéanamh idir í agus an Chomhairle Eorpach agus is éard atá inti sin ná ceannairí rialtais nó stáit gach ballstáit.

Céard é an Chomhchinnteoireacht?


Is é seo an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas trína ndéanann Comhairle na nAirí agus Parlaimint na hEorpa cinntí i gcomhar lena chéile. Má dhaingnítear Conradh Liospóin, tabharfar an Gnáthnós Imeachta Reachtach air.

 

Céard é an Vótáil Tromlaigh Cháilithe?


Córas vótála is ea é seo a úsáideann Comhairle na nAirí agus ina dtugtar ualú do vóta gach ballstáit mar chuid de. Athrófar an bealach a thomhaisfear an tromlach ó 2014 má dhaingnítear Conradh Liospóin.

 

Céard a chiallaíonn “ag baint feidhme as an gceart              crosta”?


Caithfear roinnt cinntí de Chomhairle na nAirí a dhéanamh d’aontoil. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh na hAirí ar fad a shuíonn sa Chomhairle ar leith sin de na hAirí toiliú leo. Mura dtoilíonn ballstát amháin nó níos mó, deirtear go bhfuil sé ag baint feidhme as a cheart crosta.

Faoi láthair, déantar tromlach na gcinntí leis an Vótáil Tromlaigh Cháilithe (VTC). Ciallaíonn sé seo nach mbíonn ceart crosta ag aon tír amháin ar bith faoin tsaincheist atá i gceist. Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go ndéanfar cinntí i roinnt réimsí nua leis an VTC. Mar sin, chaillfeadh gach ballstát a cheart crosta sna cásanna seo.

Beidh an aontoilíocht fós riachtanach le haghaidh cinntí i roinnt réimsí – is é sin le rá, coinníonn gach ballstát a cheart crosta. Tá an ceart crosta coinnithe fós maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus maidir leis an gcánachas mar shampla.

 

Céard atá i gceist le “Rogha an diúltaithe” atá ag              Éirinn?


Níl Éire faoi oibleagáid páirt a ghlacadh i gcinntí nó a bheith faoi cheangal cinntí sa réimse a dtugtar "Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais" air. Clúdaíonn sé seo saincheisteanna ar nós an tearmainn, na hinimirce, rialuithe teorainneacha, an chomhoibrithe breithiúnaigh agus chomhoibriú na bpóilíní.

Féadfaidh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe cinneadh a dhéanamh le bheith páirteach i saincheisteanna áirithe - féadfaidh siad toiliú nó diúltú le bheith páirteach i gcinntí áirithe. Bhí an socrú speisialta seo d'Éirinn agus don Ríocht Aontaithe ann ó tháinig na réimsí seo faoi chuimsiú shainchúram an AE in 1999 (nuair a tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm). Go praiticiúil, thoiligh Éire le bheith páirteach i roinnt cinntí, mar shampla, i ndáil le cúrsaí tearmainn agus an chomhoibrithe breithiúnaigh agus níor bhain Éire feidhm as a ceart le toiliú le bheith páirteach i gcinntí eile, rialuithe teorainnacha, mar shampla.

Ní athraíonn Conradh Liospóin an socrú sin d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe, is é sin, go bhféadfaidh siad diúltú le bheith páirteach i gcinntí áirithe. Tá dearbhú eisithe ag Éirinn, nach bhfuil ceangal dlí ag gabháil leis, go bhfuil sí ag beartú le toiliú le bheith páirteach i gcinntí sa réimse seo a oiread agus is féidir agus athbhreithniú a dhéanamh faoi cheann trí bliana ar an gclásal iomlán maidir le rogha an diúltaithe.

Tá sé beartaithe i bhfoclaíocht an leasú atá beartaithe ar an mBunreacht go gceadófar d'Éirinn toiliú le bheith páirteach i gcinntí áirithe tar éis don Dáil agus Seanad sin a cheadú, agus ina dhiaidh sin amháin. D’fhágfadh sé seo go leanfadh an ceanglas reatha atá sa bhunreacht ar aghaidh. Chomh maith leis sin, fágann sé go mbeidh Éire in ann tarraingt siar go hiomlán ó rogha an diúltaithe, arís, sa chás go gceadaíonn an Dáil agus an Seanad sin roimh ré agus sa chás sin amháin.

 

Cén éifeacht atá ag Conradh Liospóin ar chearta na              n-oibrithe?



Faoi láthair, tá ról suntasach ag an AE maidir le dlíthe a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar chearta na n-oibrithe go díreach. Tá ról mór aige freisin maidir leis an margadh inmheánach agus an tsaorghluaiseacht chaipitil, seirbhísí agus saothair a chur chun cinn agus d’fhéadfadh na róil seo dul i bhfeidhm ar chearta na n-oibrithe go hindíreach.

Ní athraítear na róil seo le Conradh Liospóin.

Bheadh an Chairt um Chearta Bunúsacha ina cuid de dhlí rialaithe an AE má dhaingnítear Conradh Liospóin. Tá roinnt clásal sa Conradh lena bpléitear le cearta na n-oibrithe. Go ginearálta, leagtar cearta atá ann cheana féin amach leis na clásail sin.

Tá tuairimí éagsúla ann atá in aghaidh a chéile maidir le cén éifeacht bheacht a bheidh ag an gCairt ar chearta na n-oibrithe. Tuairimí atá iontu seo agus ní féidir leis an gCoimisiún Reifrinn breith a thabhairt maidir leis na tuairimí sin.

.

An dtéann Conradh Liospóin i bhfeidhm ar phá              íosta na hÉireann?



Ní théann. Rialtas na hÉireann a chinneann cé acu ar chóir go mbeadh pá íosta ag Éirinn nó nár chóir agus is eisean a chinneann leibhéal na híocaíochta. Is amhlaidh atá faoi láthair agus fanfaidh sé amhlaidh cibé an ndaingnítear Conradh Liospóin nó nach ndaingnítear.

 

An féidir pá níos lú a íoc le hoibrithe in Éirinn más ó              thíortha eile den AE iad?


Ní féidir. Baineann pá íosta na hÉireann le gach duine dá bhfuil fostaithe in Éirinn. Bhí cinntí ann a ghlac an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach, a phléann le cásanna a bhainean le hoibrithe ar seolann a bhfostóirí chuig tír eile den AE iad le hoibriú ann agus a bhféadfar a íoc ar rátaí a dtíre tionscnaimh seachas ar na rátaí is iníoctha sa tír ina bhfuil siad ag obair. Cásanna casta is ea iad seo ach is léir go gcaithfidh an tír ar seoltar na hoibrithe chuici a chinntiú go bhfaighidh na hoibrithe atá i gceist na coinníollacha fostaíochta céanna is a fhaigheann oibrithe dúchasacha i gcás go socraítear na coinníollacha sin le dlí nó le comhaontuithe comhchoiteanna a bhaineann le cách. Toisc go socraítear pá íosta na hÉireann le dlí, caithfidh oibrithe ó thíortha eile den AE a sheoltar anall chun oibriú abhus an pá íosta a fháil.

An Conradh féinleasaitheach é Conradh Liospóin?


Níl, ach tugtar athruithe isteach leis an gConradh maidir leis an mbealach gur féidir conarthaí an AE a leasú.

Staid faoi láthair  
Faoi láthair is mar seo a leanas atá an próiseas leis na conarthaí a leasú: Tagann na ballstáit ar fad le chéile i rud ar a dtugtar Comhdháil Idir-Rialtasach (CIR). Comhaontaíonn an chomhdháil seo moltaí le haghaidh athruithe ar na Conarthaí. Ionas go dtiocfaidh na hathruithe seo a bheartaítear i bhfeidhm, caithfidh gach ballstát iad a a dhaingniú de réir cheanglais a mbunreachta féin. I gcás na hÉireann, d’fhéadfadh reifreann a bheith riachtanach lena aghaidh sin nó d’fhéadfadh nach mbeadh. Bíonn an riachtanas le reifreann ag brath go príomha ar cibé an mbaineann athrú ar raon feidhme bunúsach nó ar chuspóirí bunúsacha an AE leis na hathruithe atá i gceist nó nach mbaineann. 

Tugtar an “gnáthnós imeachta um athbhreithniú” ar an bpróiseas seo i gConradh Liospóin.

Athruithe a thugtar isteach le Conradh Liospóin
Foráiltear le Conradh Liospóin le haghaidh rud ar a dtugtar “nós imeachta um athbhreithniú simplithe”. Tá dhá nós imeachta den sórt sin ann.   

Foráiltear le ceann amháin go bhféadfaidh an Chomhairle Eorpach athruithe ar na codanna de na Conarthaí lena bpléitear le córas feidhmithe inmheánach an AE a chomhaontú d’aontoil. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh aon bhallstát athrú den sórt sin a chrosadh. Ní fhéadfar inniúlacht an AE a mhéadú le hathruithe den sórt sin. Ionas go dtiocfaidh siad i bhfeidhm, caithfidh gach ballstát aon athruithe den sórt sin a dhaingniú de réir cheanglais a mbunreachta féin. I gcás na hÉireann, d’fhéadfadh reifreann a bheith riachtanach lena aghaidh sin, nó d’fhéadfadh nach mbeadh. Ní bhíonn reifreann riachtanach le haghaidh athruithe ar chonarthaí an AE i gcónaí faoi láthair.  

Foráiltear leis an dara ceann do bhfuil sé de chumhacht ag an gComhairle Eorpach na Conarthaí a leasú ionas go dtabharfaí cead leis an Vótáil Thromlaigh Cháilithe a fheidhmiú i réimsí áirithe a mbíonn aontoilíocht riachtanach ina leith anois nó leis an nGnáthnós Imeachta Reachtach a fheidhmiú freisin i réimsí áirithe a bhfuil Nós Imeachta Reachtach Speisialta i bhfeidhm ina leith faoi láthair. Caithfidh an Chomhairle Eorpach aon mholadh den sórt sin a chomhaontú d’aontoil ionas go bhféadfaidh aon bhallstát moladh den sórt sin a chrosadh.  Má chomhaontaíonn an Chomhairle Eorpach athrú a bheartaítear, féadfaidh aon pharlaimint náisiúnta bac a chur ar na hathruithe seo teacht i bhfeidhm. Faoin leasú atá beartaithe a dhéanamh ar Bhunreacht na hÉireann, bheadh ceadú na Dála agus an tSeanaid riachtanach go dtoileodh Éire le hathruithe den sórt sin dá mbeartófaí iad. D’fhéadfadh reifreann a bheith riachtanach in Éirinn le haghaidh athruithe den sórt sin nó d’fhéadfadh nach mbeadh.  Ní bhíonn reifreann riachtanach le haghaidh gach athrú ar chonarthaí an AE faoi láthair.   

 

 

Cén uair a bhíonn reifreann riachtanach in Éirinn?


Tá tuairim mhícheart ag go leor daoine maidir le hathruithe ar chonarthaí an AE – ceapann siad go bhfuil reifreann riachtanach le haghaidh gach athrú ar chonarthaí an AE faoi láthair – ní hamhlaidh atá. Ní athraíonn Conradh Liospóin na cúinsí faoina gcaithfidh Éire reifreann a reáchtáil.

Thug an Chúirt Uachtarach aghaidh ar na cúinsí faoina gcaithfidh Éire reifreann a reáchtáil maidir le hathruithe a bheartaítear a dhéanamh ar Chonarthaí an AE sa chás Crotty v An Taoiseach. Mhaígh an Chúirt Uachtarach, leis an leasú a rinneadh in 1972 ar an mBunreacht agus a chumasaigh d’Éirinn dul isteach sa CEE (mar a bhí), gur údaraíodh d’Éirinn dul isteach mar bhall de na Comhphobail mar a bhí siad in 1973 agus “a bheith rannpháirteach i leasuithe ar na Conarthaí a fhad agus nach n-athráíonn leasuithe den sórt sin raon feidhme bunúsach nó cuspóirí bunúsacha na gComhphobal”.

   

 

An ngearrfaí vóta na hÉireann san AE de bharr              Chonradh Liospóin?


Tá sé dodhéanta freagra ‘ghearrfadh’ nó ‘ní ghearrfadh’ a thabhairt ar an gceist seo toisc mbíonn roinnt rialacha difriúla i gceist maidir le vóta a thomhas. Athrófar na rialacha seo in 2014 má thagann Conradh Liospóin i bhfeidhm:

  1. Faoi láthair, is fiú thart faoi 2% den vóta iomlan é vóta na hÉireann laistigh den chóras VTC. Tar éis 2014, is fiú thart faoi 0.8% é.
  2. Faoi láthair, caithfidh tromlach de bhallstáit vótáil i bhfabhar beartais nó dlí lena rith. D’athrófaí é sin go dtí 55%; sin 15 as an 27 mballstát (in áit 14 faoi láthair). Tá vóta na hÉireann ar comhéid le vóta na mballstát eile ar fad faoin triail sin.
  3. Faoi láthair, caithfidh gurb ionann an tromlach agus 62% de dhaonra an AE. Mhéadófaí sin go dtí 65% má thagann Conradh Liospóin i bhfeidhm.

Foráiltear le haghaidh rialach nua le Conradh Liospóin freisin, is é sin, má táthar le bac a chur le cinneadh, caithfidh 4 bhallstát a bheith ina choinne ar a laghad – is amhlaidh seo lena chinntiú nach féidir leis an 3 thír is mó bac a chur le cinntí gan tacaíocht cheann amháin de na tíortha beaga ar a laghad.

Cén conarthaí a rialaíonn an AE faoi láthair?


Sraith chasta chonarthaí a rialaíonn an AE. Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go leasófar na conarthaí seo agus iad a athstruchtúrú.   
1957: Conradh lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Conradh na Róimhe); tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1958; athainmníodh an CEE níos déanaí agus tugadh an Comhphobal Eorpach air. 
1986: an Ionstraim Eorpach Aonair; tháinig i bhfeidhm 1 Iúil 1987.
1992: Conradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht); tháinig i bhfeidhm 1 Samhain 1993.
1997:  Conradh Amstardam; tháinig i bhfeidhm 1 Bealtaine 1999.
2001: Conradh Nice; tháinig i bhfeidhm 1 Feabhra 2003.
Síníodh conarthaí aontachais de réir mar a tháinig gach ballstát nua isteach. Is cuid iad seo ar fad de na conarthaí lena rialaítear an AE.  
Tá na conarthaí ar fad ar fáil tríd an nasc seo:
http://eur-lex.europa.eu/en/treaties/index.htm

Leagain chomhdhlúite
Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh
http://eur-lex.europa.eu/en/treaties/dat/12002E/pdf/12002E_EN.pdf

Conradh ar an Aontas Eorpach (téacs comhdhlúite)
http://eur-lex.europa.eu/en/treaties/dat/12002M/pdf/12002M_EN.pdf

2007: Conradh Lisbon
http://europa.eu/lisbon_treaty/full_text/index_en.htm

Tá an leagan Gaeilge ag:
http://europa.eu/lisbon_treaty/index_ga.htm

Tá leagan comhdhlúite de na conarthaí, agus iad mar a bheidís má dhaingnítear Conradh Liospóin, ar fáil ag:

http://www.consilium.europa.eu/showPage.aspx?id=1296&lang=en


Cén éifeacht a bheadh ag Conradh Liospóin ar na              conarthaí atá ann faoi láthair?


Má dhaingnítear Conradh Liospóin, beidh dhá chonradh ann lena rialófar an  AE: 

  • Conradh ar an Aontas Eorpach – is é sin, Conradh Maastricht faoi mar a leasaíodh le conarthaí Amstardam, Nice agus Liospóin. 
  • An Conradh ar Fheidhmiú an AE– is é sin Conradh na Róimhe faoi mar a leasaíodh leis na conarthaí ar fad ina dhiaidh, Conradh Liospóin san áireamh. 
  •  

Struchtúr na gColún 
Tá trí cholún i gceist leis an AE faoi láthair cé nach n-úsáidtear an téarma “colún” sna Conarthaí. Is iad seo an trí cholún:

  • 1ú Colún: An “Comhphobal Eorpach”, arb éard atá i gceist leis, a bheag nó a mhór, ná an institiúid bhunaidh. Clúdaíonn sé raon réimsí lena n-áirítear beartais sóisialta agus fhostaíochta, beartais maidir le tomhaltóirí, maidir leis an gcomhshaol agus dlíthe agus beartais faoin iomaíochas agus faoin margadh inmheánach. Tugtar gníomhaíochtaí “Comhphobail” orthu seo uaireanta. 
  • 2ú Colún: An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – déileálann sé seo le beartais slándála agus chosanta agus leis an mbeartas eachtrach i gcoitianta.
  • 3ú Colún: Comhoibriú Breithiúnach agus na bPóilíní i gCúrsaí Coiriúla – tugtar Gnóthaí Ceartais agus Baile air seo go coitianta agus clúdaíonn sé réimsí amhail forfheidhmiú an dlí, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe agus an inimirce (tá roinnt de na saincheisteanna seo sa 1ú Colún freisin).

Tá an tAontas Eorpach comhdhéanta den trí cholún in éineacht le chéile. Ó thaobh cúrsaí dlí agus le bheith fíorbheacht faoi, ní thagraíonn an “Comhphobal Eorpach” (CE) ach don Chéad Cholún agus tagraíonn an tAontas (AE) do na trí Cholún go léir. Bíonn na téarmaí á n-idirmhalartú lena chéile go coitianta áfach. Tá difríochtaí idir an bealach a dhéantar cinntí sa 1ú colún agus sna colúin eile.

Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go gcealófar an struchtúr seo. Is é an tAontas Eorpach (AE) an t-aon teideal a bheidh ann ina áit sin.

Pearsantacht Dhlítheanach

Faoi láthair, tá pearsantacht dhlítheanach ag an aonán ar a dtugtar an CE. Má dhaingnítear Conradh Liospóin, beidh pearsantacht dhlítheanach ag an AE ansin.

 

 

Gluais na dTéarmaí


Daingniú


Is éard is daingniú ann ná an próiseas trína roghnaíonn Stát (amhail Éire) le bheith faoi cheangal ag dlí idirnáisiúnta le conradh (amhail Conradh Liospóin) a chomhlíonadh.

 

Inniúlacht

Is é inniúlacht an téarma a úsáidtear i gConradh Liospóin chun cur síos a dhéanamh ar an gcumhacht atá ag an AE le beartais agus dlíthe a dhréachtú. Ní fhéadfaidh an AE beartais agus dlíthe a thabhairt isteach ach amháin i ndáil leis na réimsí sin atá leagtha amach sna conarthaí.

 

An Chomhairle

Tá Comhairle na nAirí comhdhéanta d’aire ó gach ballstát. Is é a teideal ceart na “An Chomhairle” ach tugtar “Comhairle na nAirí” uirthi go coitianta. Cuid den chúis a ndéantar seo ná chun idirdhealú a dhéanamh idir í agus an Chomhairle Eorpach agus is éard atá inti sin ná ceannairí rialtais nó stáit gach ballstáit.

An Comhchinnteoireacht

Is é seo an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas trína ndéanann Comhairle na nAirí agus Parlaimint na hEorpa cinntí i gcomhar lena chéile.

 

Gnáthnós Imeachta Reachtach

Is é seo an téarma a úsáidtear i gConradh Liospóin chun cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta trína ndéanann Comhairle na nAirí agus Parlaimint na hEorpa cinntí i gcomhar lena chéile agus go ndéantar an vótáil sa Chomhairle le VTC.

 

Nósanna Imeachta Reachtacha Speisialta

Is é seo an téarma a úsáidtear i gConradh Liospóin chun cur síos a dhéanamh ar na nósanna imeachta nach n-úsáidtear an gnáthnós imeachta reachtach lena linn. Baineann siad le réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála go príomha. Déanann Comhairle na nAirí na cinntí seo agus b’fhéidir go gcaithfear dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa i roinnt cásanna.

 

An Vótáil Tromlaigh Cháilithe

Córas vótála is ea é seo a úsáideann Comhairle na nAirí agus ina dtugtar ualú do vóta gach ballstáit mar chuid de.

 

Crosadh

Caithfear roinnt cinntí de Chomhairle na nAirí a dhéanamh d’aontoil. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh na hAirí ar fad a shuíonn sa Chomhairle ar leith sin de na hAirí toiliú leo. Mura dtoilíonn ballstát amháin nó níos mó, deirtear go bhfuil sé ag baint feidhme as a cheart crosta.

Faoi láthair, déantar tromlach na gcinntí leis an Vótáil Tromlaigh Cháilithe (VTC). Ciallaíonn sé seo nach mbíonn ceart crosta ag aon tír amháin ar bith faoin tsaincheist atá i gceist. Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go ndéanfar cinntí i roinnt réimsí nua leis an VTC. Mar sin, chaillfeadh gach ballstát a cheart crosta sna cásanna seo.

Beidh an aontoilíocht fós riachtanach le haghaidh cinntí i roinnt réimsí – is é sin le rá, coinníonn gach ballstát a cheart crosta. Tá an ceart crosta coinnithe fós maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus maidir leis an gcánachas mar shampla.

 

Comhbheartas Eachtrach agus Slándála

Clúdaíonn an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála beartais eachtracha agus beartais chosanta. Níl aon athruithe suntasacha beartaithe le Conradh Liospóin ach tá roinnt athruithe ar an bhfoclaíocht ann. Caithfear na príomhchinntí sa réimse seo a dhéanamh d'aontoil. Is é atá i gceist leis an athrú atá beartaithe ar Bhunreacht na hÉireann ná go leanfaí ar aghaidh leis na socruithe reatha maidir le neodracht mhíleata na hÉireann.

 

Clásal Dlúthpháirtíochta

Clásal is ea é seo sa Chonradh lena ndeirtear go bhfuil oibleagáid ar bhallstáit cabhrú lena chéile más íospartach ionsaí sceimhlitheora nó tubaiste nádúrtha nó tubaiste ar duine is cúis léi, ceann acu. Chaithfeadh an Chomhairle na mionsonraí beachta a chomhaontú d’aontoil. Aithnítear leis an gConradh freisin go bhféadfaidh ballstát cabhrú lena chéile i gcás ionsaí armtha de réir Chairt na Náisiún Aontaithe.

 

Ard-Ionadaí don Chomhbheartas Gnóthaí Eachtracha agus Slándála

Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go gcruthófar an post seo. Is éard atá i gceist leis ná post reatha an Ard-Ionadaí don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (nach bhfuil ina bhall den Choimisiún) a chomhcheangal le post an Choimisinéara atá freagrach as gnóthaí eachtracha. Beidh sealbhóir an phoist nua ina bhall den Choimisiún.

 

MORE INFORMATION

  • DOWNLOAD TREATY
  • HISTORY
  • NEWS
  • DOWNLOAD GUIDE
  • DOWNLOAD GUIDE
  • REFERENDUM COMMISSION
  • CONTACT US
>