A. Ról Parlaimintí Naisiúnta
Faoi láthair, ní bhíonn parlaimintí náisiúnta páirteach i gcinnteoireacht an AE go díreach. Má thagann an Conradh i bhfeidhm, beidh am ag parlaimintí náisiúnta ansin – an Dáil agus an Seanad i gcás na hÉireann – le moltaí a ghrinnfhiosrú agus tuairim a chur ar fáil.
Má chuireann roinnt parlaimintí náisiúnta i gcoinne molta, caithfear athbhreithniú a dhéanamh air. Bíonn dhá vóta ag gach parlaimint náisiúnta, ceann do gach teach parlaiminte; bíonn vóta an ceann ag an Dáil agus ag an Seanad. I gcúinsí áirithe, caithfidh an t-athbhreithniú tarlú má iarrann aon trian de na parlaimintí náisiúnta é seo. I gcás an chomhoibrithe bhreithiúnaigh i gcúrsaí coireachta agus chomhoibriú na bpóilíní, ba lú líon na bparlaimintí náisiúnta - an ceathrú cuid díobh - a bheadh in ann athbhreithniú a éileamh. Thabharfadh an Conradh ról sonrach do pharlaimintí náisiúnta freisin i ndáil le hathruithe a bheartaítear a dhéanamh ar na Conarthaí.
A1. Tuilleadh eolais faoi ról Parlaimintí Náisiúnta
D’oibreodh an próiseas mar seo a leanas:
-
Caithfear gach cáipéis bheartais agus reachtaíochta ábhartha a sholáthar do na parlaimintí náisiúnta (mar shampla, páipéir ghlasa, páipéir bhána, moltaí le haghaidh treoracha agus rialacháin)
-
Bheadh ocht seachtaine ag na parlaimintí leis na moltaí a bhreithniú de ghnáth
-
Féadfaidh na parlaimintí ‘tuairim réasúnaithe’ a sheoladh chuig institiúidí an AE maidir le cé acu an gcomhlíonann dréachtreachtaíocht prionsabal na coimhdeachta nó nach gcomhlíonann – is é sin gur chóir cinntí a dhéanamh ar leibhéal áitiúil nó náisiúnta, seachas ar leibhéal an AE, más féidir
-
Má vótálann dóthain parlaimintí chun tuairim réasúnach a sheoladh, caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar an dréachtreachtaíocht
-
Bíonn dhá vóta ag gach parlaimint náisiúnta. Bíonn vóta an ceann ag an Dáil agus ag an Seanad. Go ginearálta, bíonn aon trian de na vótaí atá ar fáil (18 faoi láthair) riachtanach go gcinnteofar athbhreithniú; is leor aon cheathrú de na vótaí (14 faoi láthair) i gcás dréachtreachtaíochta i réimsí comhoibrithe breithiúnaigh i gcúrsaí coireachta agus maidir le comhoibriú na bpóilíní
-
Ní chiallaíonn an t-athbhreithniú go gcaithfear an moladh a aistarraingt. Más mian leis an moltóir (an Coimisiún, de ghnáth) go leanfaí ar aghaidh leis an moladh, caithfidh sé tuairim réasúnach a leagan amach faoin gcúis go measann sé nár sáraíodh prionsabal na coimhdeachta
B. Cumhacht leis na Conarthaí a Athrú
Faoi láthair ní féidir na Conarthaí lena rialaít ear an AE a leasú ach amháin sa chás go dtoilíonn na ballstáit le conradh leasaitheach d’aontoil ar dtús, agus caithfidh gach ballstát é a cheadú de réir cheanglais a mbunreachta féin ansin. Bíonn ceadú parlaiminte i gceist leis seo i mbeagnach gach cás. D’fhéadfadh reifreann a bheith riachtanach i roinnt cás, in Éirinn mar shampla.
Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin anois go dtabharfar de chumhacht don Chomhairle Eorpach (Ceannairí Rialtais) athruithe a mholadh ar chodanna áirithe de na Conarthaí rialaithe, cé gur sách teoranta an chumhacht seo atá beartaithe. Ní féidir le haon athrú den sórt sin inniúlacht an AE – is é sin raon a chumhachtaí – a mhéadú (féach leathanach 30). Lena chois sin, caithfidh an Chomhairle Eorpach aon mholtaí den sórt sin a chomhaontú d’aontoil, rud a chiallaíonn go bhféadfaidh aon bhallstát ar bith moladh den sórt sin a chrosadh. Má chomhaontaíonn an Chomhairle Eorpach athrú atá beartaithe, caithfidh na ballstáit é a dhaingniú de réir cheanglais a mbunreachta féin ansin ionas go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. D’fhéadfadh reifreann a bheith riachtanach lena aghaidh seo in Éirinn, faoi mar a tharlaíonn faoi láthair.
Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin chomh maith go dtabharfar de chumhacht don Chomhairle Eorpach na Conarthaí a leasú ionas go dtabharfaí cead leis an Vótáil Thromlaigh Cháilithe (féach leathanaigh 6 & 28) a fheidhmiú i réimsí áirithe a mbíonn aontoilíocht riachtanach ina leith anois. Tabharfaidh sé de chumhacht don Chomhairle an Gnáthnós Imeachta Reachtach (féach leathanach 8) a fheidhmiú freisin i réimsí áirithe a bhfuil Nós Imeachta Reachtach Speisialta i bhfeidhm ina leith faoi láthair. Caithfidh an Chomhairle Eorpach aon mholadh den sórt sin a chomhaontú d’aontoil.
Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh aon bhallstát moladh den sórt sin a chrosadh. Má chomhaontaíonn an Chomhairle Eorpach moladh atá beartaithe, féadfaidh aon pharlaimint náisiúnta bac a chur ar na hathruithe seo teacht i bhfeidhm. Faoin leasú atá beartaithe a dhéanamh ar Bhunreacht na hÉireann, bheadh ceadú na Dála agus an tSeanaid riachtanach go dtoileodh Éire le hathruithe den sórt sin dá mbeartófaí iad. Ní bheadh reifreann riachtanach in Éirinn le haghaidh athruithe den sórt sin.
Ní théann an cumhacht le haistriú ón aontoilíocht go dtí Vótáil Thromlaigh Cháilithe, nó ó Nós Imeachta Reachtach Speisialta go dtí an Gnáthnós Imeachta Reachtach, chomh fada le saincheisteanna ó thaobh cúrsaí míleata agus cosanta.
D’fhéadfadh sé a bheith i bhfeidhm le haghaidh an chánachais, mar shampla, réimse a bhfuil aontoilíocht riachtanach ina leith faoi láthair. Sa chás seo áfach, d’fhéadfadh Éire aon athrú den sórt sin a chrosadh dá mbeartófaí é.
B1.
Tuilleadh Eolais
Na Conarthaí lena rialaítear an AE
Sraith chasta chonarthaí a rialaíonn an AE. Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go leasófar na conarthaí seo agus iad a athstruchtúrú
1957: Conradh lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Conradh na Róimhe); tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1958; athainmníodh an CEE níos déanaí agus tugadh an Comhphobal Eorpach air.
1986: an Ionstraim Eorpach Aonair; tháinig i bhfeidhm 1 Iúil 1987.
1992: Conradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht); tháinig i bhfeidhm 1 Samhain 1993.
1997: Conradh Amstardam; tháinig i bhfeidhm 1 Bealtaine 1999.
2001: Conradh Nice; tháinig i bhfeidhm 1 Feabhra 2003.
Síníodh conarthaí aontachais de réir mar a tháinig gach ballstát nua isteach. Is cuid iad seo ar fad de na conarthaí lena rialaítear an AE.
Tá na conarthaí ar fad ar fáil tríd an nasc seo:
http://eur-lex.europa.eu/en/treaties/index.htmLeagain chomhdhlúite:
Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh
http://eur-lex.europa.eu/en/treaties/dat/12002E/pdf/12002E_EN.pdfConradh ar an Aontas Eorpach (téacs comhdhlúite)
http://eur-lex.europa.eu/en/treaties/dat/12002M/pdf/12002M_EN.pdf
2007: Conradh Lisbon
http://europa.eu/lisbon_treaty/full_text/index_en.htmTá an leagan Gaeilge ag:
http://europa.eu/lisbon_treaty/index_ga.htmTá leagan comhdhlúite de na conarthaí, agus iad mar a bheidís má dhaingnítear Conradh Liospóin, ar fáil ag:
http://www.consilium.europa.eu/showPage.aspx?id=1296&lang=enÉifeacht Chonradh Liospóin ar Chonarthaí atá i bhfeidhm cheana féin
Má dhaingnítear Conradh Liospóin, beidh dhá chonradh ann lena rialófar an AE:
- Conradh ar an Aontas Eorpach – is é sin, Conradh Maastricht faoi mar a leasaíodh le conarthaí Amstardam, Nice agus Liospóin.
An Conradh ar Fheidhmiú an AE– is é sin Conradh na Róimhe faoi mar a leasaíodh leis na conarthaí ar fad ina dhiaidh, Conradh Liospóin san áireamh..
Struchtúr na gColún
Tá trí cholún i gceist leis an AE faoi láthair cé nach n-úsáidtear an téarma “colún” sna Conarthaí. Is iad seo an trí cholún:
1ú Colún: An “Comhphobal Eorpach”, arb éard atá i gceist leis, a bheag nó a mhór, ná an institiúid bhunaidh. Clúdaíonn sé raon réimsí lena n-áirítear beartais sóisialta agus fhostaíochta, beartais maidir le tomhaltóirí, maidir leis an gcomhshaol agus dlíthe agus beartais faoin iomaíochas agus faoin margadh inmheánach. Tugtar gníomhaíochtaí “Comhphobail” orthu seo uaireanta.
2ú Colún: An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – déileálann sé seo le beartais slándála agus chosanta agus leis an mbeartas eachtrach i gcoitianta.
3ú Colún: Comhoibriú Breithiúnach agus na bPóilíní i gCúrsaí Coiriúla – tugtar Gnóthaí Ceartais agus Baile air seo go coitianta agus clúdaíonn sé réimsí amhail forfheidhmiú an dlí, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe agus an inimirce (tá roinnt de na saincheisteanna seo sa 1ú Colún freisin).
Tá an tAontas Eorpach comhdhéanta den trí cholún in éineacht le chéile. Ó thaobh cúrsaí dlí agus le bheith fíorbheacht faoi, ní thagraíonn an “Comhphobal Eorpach” (CE) ach don Chéad Cholún agus tagraíonn an tAontas (AE) do na trí Cholún go léir. Bíonn na téarmaí á n-idirmhalartú lena chéile go coitianta áfach. Tá difríochtaí idir an bealach a dhéantar cinntí sa 1ú colún agus sna colúin eile.
Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go gcealófar an struchtúr seo. Is é an tAontas Eorpach (AE) an t-aon teideal a bheidh ann ina áit sin.
Faoi láthair, tá pearsantacht dhlítheanach ag an aonán ar a dtugtar an CE. Má dhaingnítear Conradh Liospóin, beidh pearsantacht dhlítheanach ag an AE ansin.
C. Tionscnamh ó Shaoránaigh
Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go ligfeadh tionscnamh ó shaoránaigh do mhilliún saoránach ar a laghad ó líon suntasach ballstát iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a thabhairt ar aghaidh maidir le saincheist áirithe chun na Conarthaí a chur i ngníomh. Bheadh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún an moladh a bhreithniú. Tá na mionsonraí maidir leis an mbealach a d’fheidhmeofaí seo fós le cinneadh.
D. Comhar Feabhsaithe
Is é an comhar feabhsaithe (ar a dtugtar solúbthacht uaireanta) an téarma a úsáidtear don nós imeachta lena gceadaítear do roinnt ballstát institiúidí an AE a úsáid chun comhar níos dlúithe i measc na mballstát sin a chur chun cinn.
Tá coinníollacha áirithe ann faoi láthair a chaithfear a chomhlíonadh sula n-úsáidfear na forálacha seo. I measc na gcoinníollacha sin tá:
- Ní bhaineann siad le saincheisteanna slándála agus cosanta
- Caithfidh ocht mballstát ar a laghad a bheith i gceist
- Caithfidh gurb é an aidhm ná cuspóirí an AE a chur ar aghaidh
- Caithfear prionsabail na gConarthaí a urramú
- Ba chóir nach rachfadh sé i bhfeidhm ar chorpas na gcinntí a ghlac an AE go dtí seo (ar a dtugtar an acquis communautaire) ná ar chearta ná leasanna ballstát eile
- Caithfear gan é a úsáid ach amháin mar rogha dheiridh (caithfidh sé a bheith soiléir nach féidir an aidhm a bhaint amach faoi cheann tréimhse réasúnta ama trí ghnáthnósanna imeachta an AE a úsáid)
IMá dhaingnítear Conradh Liospóin, is é líon na mballstát a chaithfidh a bheith páirteach ná naoi mballstát seachas ocht gceann agus ní bheidh saincheisteanna slándála agus cosanta eisiata a thuilleadh.
Foráiltear le Conradh Liospóin freisin nach féidir an nós imeachta a úsáid i réimsí a bhfuil inniúlacht eisiach ag an AE ina leith (féach leathanach 13 & 30). Má bhíonn sé á úsáid i ndáil leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, caithfidh an Chomhairle é a cheadú d’aontoil. In aon réimsí eile, caithfidh an Coimisiún tacú leis, caithfidh an Chomhairle é a cheadú (le VTC) agus Parlaimint na hEorpa é a cheadú.
E. Ag dul isteach san AE
Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go gcuirfear na rialacha reatha le dul isteach san AE isteach mar chuid de na Conarthaí rialaithe.
Faoi láthair, caithfear coinníollacha áirithe a chomhlíonadh sular féidir le tír nua dul isteach san AE. Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin anois go ndéanfar tagairt do na coinníollacha seo sna Conarthaí rialaithe. Ciallaíonn sé seo nach féidir leis an gComhairle Eorpach iad a athrú agus nach féidir iad a athrú ach amháin le hathrú eile ar na Conarthaí
Is iad na coinníollacha ná:
- Caithfidh institiúidí seasmhacha polaitíochta a bheith ag an tír lena ráthaítear riail an dlí, cearta daonna agus meas ar agus cosaint do mhionlaigh
-
Caithfidh eacnamaíocht fheidhmeach an mhargaidh a bheith ag an tír agus an cumas le déileáil le brú iomaíochta agus fórsaí margaidh laistigh den AE
-
Caithfidh go mbeidh sé de chumas ag an tír oibleagáidí na ballraíochta a thógáil ar bord, lena n-áirítear a bheith ag cloí le haidhmeanna an aontais pholaitíochta, eacnamaíochta agus airgeadaíochta
-
Caithfidh go mbeidh an AE féin in ann an tír nua a chomhshamhlú isteach san AE agus, ag an am céanna, an spreagadh a choinneáil ar son an Eoraip a chomhtháthú
F. Ag imeacht as an AE
Faoi láthair, níl aon socruithe sonracha ann maidir le bheith ag tarraingt as ballraíocht an AE. Soláthraítear próiseas le tarraingt as an AE le Conradh Liospóin.
G. Réimsí Inniúlachta
Tá sé d’inniúlacht nó de chumhacht ag an AE beartais a chinneadh agus dlíthe a dhéanamh sna réimsí sin a leagtar amach sna Conarthaí agus sna réimsí sin amháin. Is mar seo a bhí sé i gcónaí.
Shonrófaí le Conradh Liospóin cé aige a bhfuil sé de chumhacht nithe áirithe a dhéanamh trí na réimsí a liostú ina bhfuil:
- Inniúlacht eisiach ag an AE – ciallaíonn sé seo go gcaithfear na cinntí a dhéanamh ar leibhéal an AE agus ní ar leibhéal ballstáit
-
Comhinniúlacht ag an AE agus ag ballstáit
-
Inniúlacht eisiach ag na ballstáit ach féadfaidh an AE tacaíocht a thabhairt agus cabhrú le comhordú a dhéanamh
Níl sé beartaithe leis an gConradh go dtabharfar aon inniúlacht eisiach nua don AE ach tá roinnt athruithe beartaithe ar na réimsí eile.
G1. Tuilleadh eolais faoi inniúlacht an AE
Leis na Conarthaí lena rialaítear an AE, tugtar de chumhacht don AE dlíthe agus beartais a dhéanamh i réimsí áirithe agus socraítear leis na Conarthaí go mbeifear in ann comhoibriú nó tacú le rialtais náisiúnta i réimsí eile. Níl aon inniúlacht ag an AE in aon réimse nach bhfuil luaite sna Conarthaí.
Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go liostófar na réimsí ina bhfuil:
-
Inniúlacht eisiach ag an AE – ciallaíonn sé seo go gcaithfear na cinntí a dhéanamh ar leibhéal an AE agus ní ar leibhéal rialtais náisiúntaThe EU and national governments have joint competence
-
Comhinniúlacht ag an AE agus ag rialtais náisiúnta
- Inniúlacht eisiach ag na rialtais náisiúnta ach féadfaidh an AE tacaíocht a thabhairt agus cabhrú le comhordú a dhéanamh
Léirítear leis an liosta seo na réimsí a bhfuil inniúlacht ag an AE ina leith cheana fein. Ní fhoráiltear le haghaidh aon inniúlachtaí eisiacha nua le Conradh Liospóin. Chuirfí leis na réimsí a bhfuil comhinniúlacht ag an AE agus ag na ballstáit ina leith de bharr an Chonartha. Tá fuinneamh agus gnéithe den chomhshaol agus den tsláinte phoiblí san áireamh leo seo.
Faoin tríú teideal, maidir le réimsí a bhfuil inniúlacht eisiach ag ballstáit ina leith ach féadfaidh an AE tacaíocht agus comhordú a sholáthar, chuirfí an turasóireacht, spórt, an chosaint shibhialta agus an comhoibriú ó thaobh cúrsaí riaracháin leo de bharr an Chonartha.
Is iad seo a leanas na réimsí faoi mar atá siad liostaithe i gConradh Liospóin.
Inniúlacht eisiach an AE
Tá freagracht eisiach ar an AE as:
-
An Aontas Custaim
-
Rialacha iomaíochta a bhunú, atá riachtanach go bhfeidhmeoidh an margadh inmhéanach
-
Beartais airgeadaíochta do Bhallstáit a úsáideann an euro
-
Acmhainní bitheolaíochta na mara a chaomhnú mar chuid den comhbheartas iascaigh
-
An comhbheartas tráchtála
- Clabhsúr a chur le comhaontú idirnáisiúnta sa chás go mbíonn seo faoi chuimsiú chreatlach reachtaíochta an AE nó sa chás gur gá é chun cabhrú leis an AE inniúlacht inmheánach a fheidhmiú nó má tá féidearthacht ann go rachfar i bhfeidhm ar na comhrialacha nó go n-athrófar a raon
COMHINNIÚLACHT AN AE AGUS NA mBALLSTÁT
Tá comhfhreagracht ar an AE agus ar na ballstáit as:
-
An margadh inmheánach;
-
Beartais sóisialta maidir le gnéithe sonracha arna sainmhíniú sa Chonradh
-
Comhdhlúthú na heacnamaíochta, cúrsaí sóisialta agus na gcríoch
-
An talmhaíocht agus iascach ach amháin maidir le hacmhainní bitheolaíochta na mara a chaomhnú
-
An comhshaol (tá tagairt shonrach don athrú aeráide san áireamh sa Chonradh)
-
Tomhaltóirí a chosaint
-
Cúrsaí iompair
-
Líonraí Tras-Eorpacha
-
Fuinneamh Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais
-
Comh-shaincheisteanna sábháilteachta maidir le gnéithe den tsláinte phoiblí
-
Taighde, forbairt na teicneolaíochta
-
An spás
- Comhoibriú i leith na forbartha agus cabhair dhaonnúil
Inniúlacht eisiach ag balstáit ach féadfaidh an AE tacaíocht agus comhordú a sholáthar Tá freagracht eisiach ar bhallstáit as na rialacha sna réimsí seo ach féadfaidh an AE tacaíocht agus comhordú a sholáthar – ní féidir leis an gcomhchuibhiú bheith san áireamh leis seo:
-
Cúram sláinte don duine a chosaint agus a fheabhsú
-
Cúrsaí tionscail
-
Cúrsaí cultúir
-
An turasóireacht
-
An oideachas, an oiliúint ghairmiúil, an óige
-
Spórt
-
An chosaint sibhialta
- An comhoibriú ó thaobh cúrsaí riaracháin
Socruithe sonrachaTá socruithe sonracha sna Conarthaí le haghaidh beartais eacnamaíochta agus fhostaíochta a chomhordú. Rialaítear an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála le córas speisialta freisin.
H. Réimsí a bhfuil sé de rogha ag Éirinn toiliú nó diúltú le bheith páirteach iontu
Níl Éire faoi oibleagáid páirt a ghlacadh i gcinntí nó a bheith faoi cheangal cinntí sa réimse a dtugtar “Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais” air. Clúdaíonn sé seo saincheisteanna ar nós an tearmainn, na hinimirce, rialuithe teorainneacha, an comhoibriú breithiúnach agus comhoibriú na bpóilíní.
Féadfaidh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe cinneadh a dhéanamh le bheith páirteach i saincheisteanna áirithe - féadfaidh siad toiliú nó diúltú le bheith páirteach i gcinntí áirithe. Bhí an socrú speisialta seo d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe ann ó tháinig na réimsí seo faoi chuimsiú shainchúram an AE in 1999. Go praiticiúil, thoiligh Éire le bheith páirteach i roinnt cinntí, mar shampla, i ndáil le cúrsaí tearmainn agus comhoibrithe breithiúnaigh agus níor bhain Éire feidhm as a ceart le toiliú le bheith páirteach i gcinntí eile, rialuithe teorainnacha, mar shampla.
Ní athraíonn an Conradh an socrú sin d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe, is é sin, go bhféadfaidh siad diúltú le bheith páirteach i gcinntí áirithe. Tá dearbhú eisithe ag Éirinn, nach bhfuil ceangal dlí ag gabháil leis, go bhfuil sí ag beartú le toiliú le bheith páirteach i gcinntí sa réimse seo a oiread agus is féidir agus athbhreithniú a dhéanamh faoi cheann trí bliana ar an gclásal iomlán maidir le rogha an diúltaithe.
Tá sé beartaithe i bhfoclaíocht an leasú atá beartaithe ar an mBunreacht go gceadófar d’Éirinn toiliú le bheith páirteach i gcinntí áirithe tar éis don Dáil agus Seanad sin a cheadú, agus ina dhiaidh sin amháin. D’fhágfadh sé seo go leanfadh an ceanglas reatha atá sa bhunreacht ar aghaidh. Chomh maith leis sin, fágann sé go mbeidh Éire in ann tarraingt siar go hiomlán ó rogha an diúltaithe, arís, sa chás go gceadaíonn an Dáil agus an Seanad sin roimh ré agus sa chás sin amháin.
H1. Tuilleadh eolais
Rogha an diúltaithe ag Éirinn agus an VTC
Níl Éire faoi oibleagáid páirt a ghlacadh i gcinntí nó a bheith faoi cheangal cinntí sa réimse a dtugtar "Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais" air. Clúdaíonn sé seo saincheisteanna ar nós an tearmainn, na hinimirce, rialuithe teorainneacha, an comhoibrithe breithiúnaigh agus chomhoibriú na bpóilíní.
Féadfaidh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe cinneadh a dhéanamh le bheith páirteach i saincheisteanna áirithe - féadfaidh siad toiliú nó diúltú le bheith páirteach i gcinntí áirithe. Bhí an socrú speisialta seo d'Éirinn agus don Ríocht Aontaithe ann ó tháinig na réimsí seo faoi chuimsiú shainchúram an AE in 1999 (nuair a tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm). Go praiticiúil, thoiligh Éire le bheith páirteach i roinnt cinntí, mar shampla, i ndáil le cúrsaí tearmainn agus comhoibrithe breithiúnaigh agus níor bhain Éire feidhm as a ceart le toiliú le bheith páirteach i gcinntí eile, rialuithe teorainnacha, mar shampla.
Ní athraíonn an Conradh an socrú sin d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe, is é sin, go bhféadfaidh siad diúltú le bheith páirteach i gcinntí áirithe. Tá dearbhú eisithe ag Éirinn, nach bhfuil ceangal dlí ag gabháil leis, go bhfuil sí ag beartú le toiliú le bheith páirteach i gcinntí sa réimse seo a oiread agus is féidir agus athbhreithniú a dhéanamh faoi cheann trí bliana ar an gclásal iomlán maidir le rogha an diúltaithe.
Tá sé beartaithe i bhfoclaíocht an leasú atá beartaithe ar an mBunreacht go gceadófar d'Éirinn toiliú le bheith páirteach i gcinntí áirithe tar éis don Dáil agus Seanad sin a cheadú, agus ina dhiaidh sin amháin. D’fhágfadh sé seo go leanfadh an ceanglas reatha atá sa bhunreacht ar aghaidh. Chomh maith leis sin, fágann sé go mbeidh Éire in ann tarraingt siar go hiomlán ó rogha an diúltaithe, arís, sa chás go gceadaíonn an Dáil agus an Seanad sin roimh ré agus sa chás sin amháin.An VTC i Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais
Foráladh le Conradh Amstardam, a tháinig i bhfeidhm in 1999, go bpléifí le saincheisteanna ar nós an tearmainn, na hinimirce agus chomhoibrithe breithiúnaigh ar fad d’aon toil agus nach mbeadh an chomhchinnteoireacht i gceist leo. Bhí foráil sa Chonradh sin freisin áfach, go bhféadfadh Comhairle na nAirí, tar éis cúig bliana, cinneadh a ghlacadh, d’aontoil, le roinnt nó gach ceann de na cinntí seo a aistriú chuig próisis na VTC agus na comhchinnteoireachta. Tharla sé seo i gcuid mhór cásanna ach ní thaifeadtar an t-aistriú seo sna conarthaí reatha. Tugtar aitheantas do na cinntí seo le Conradh Liospóin.
Déantar go leor de na cinntí maidir leis na saincheisteanna seo tríd an gcomhchinnteoireacht anois agus baineann an VTC leo. Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go dtabharfar formhór na saincheisteanna eile atá fágtha sa réimse seo isteach faoi chuimsiú an ghnáthnóis imeachta reachtaigh (rud a chiallaíonn go mbaineann an chomhchinnteoireacht agus VTC leo). Mar sin, ní bheidh Éire ná aon bhallstát eile in ann cinntí i ndáil leis an inimirce, tearmann agus comhoibriú breithiúnach a chrosadh ach beidh siad fós in ann diúltú le bheith páirteach sna cinntí sin.
I. Comhbheartas Eachtrach agus Slándála
Clúdaíonn an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála beartais eachtracha agus beartais chosanta. Caithfear na príomhchinntí sa réimse seo a dhéanamh d’aontoil. D’fhágfadh an t-athrú atá beartaithe ar an mBunreacht go leanfaí ar aghaidh leis na socruithe reatha maidir le neodracht mhíleata na hÉireann. Tá an réimse seo clúdaithe le cinneadh na Comhairle Eorpaí maidir le héifeachtaí Chonradh Liospóin ar dhlíthe agus ar bheartais na hÉireann freisin (féach leathanach 3 & 24).
Cúnamh Frithpháirteach
Foráiltear le Conradh Liospóin go bhfuil oibleagáid ar bhallstáit cabhrú le agus cúnamh a thabhairt do bhallstát eile arb íospartach fogha armtha é. Tá an cúnamh seo le bheith de réir Chairt na Náisiún Aontaithe. Ní shonraítear an cineál cúnaimh agus cabhrach atá riachtanach. Luaitear go sonrach nach ndéanfaidh an cúnamh frithpháirteach dochar do na tréithe sonracha a ghabhann leis an mbeartas slándála agus cosanta atá ag ballstáit áirithe lena n-áirítear beartas na hÉireann maidir leis an neodracht.
Clásal Dlúthpháirtíochta
Clásal is ea é seo i gConradh Liospóin lena ndeirtear go bhfuil oibleagáid ar an AE agus ar na ballstáit cabhrú lena chéile más íospartach ionsaí sceimhlitheora, nó tubaiste nádúrtha nó tubaiste ar duine is cúis léi, ceann acu. Chaithfeadh an Chomhairle na mionsonraí beachta, a bhainfeadh leis an gcomhar seo, a chomhaontú d’aontoil.
J. Cairt um Chearta Bunúsacha
Tá sé beartaithe leis an gConradh go dtabharfar an luach dlíthiúil céanna do Chairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus atá ag na príomhchonarthaí.
Liostaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha na cearta sibhialta, polaitíochta, sóisialta agus eacnamaíochta a aithníonn an AE. Liostaítear iad seo faoi na teidil seo: an Dínit, Saoirsí, an Comhionannas, an Dlúthpháirtíocht, Cearta na Saoránach, agus an Ceartas.
Tá prionsabail shonracha i bhfeidhm le haghaidh grúpaí sonracha ar nós daoine breacaosta, leanaí agus daoine le míchumais.
Tá sé beartaithe go mbeidh an Chairt i bhfeidhm le haghaidh institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an AE agus le haghaidh na mballstát agus dlí an AE á chur i ngníomh acu. Deirtear sa Chonradh nach leathnaítear leis an gCairt an réimse a bhfeidhmítear dlí an AE ina leith ná nach dtugtar aon réimse inniúlachta nua don AE leis an gCairt.
Ní cearta absalóideacha na cearta a leagtar amach sa Chairt. Foráiltear le haghaidh roinnt díobh i mBunreacht na hÉireann, agus/nó i ndlí an AE agus/nó i gCoinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine cheana féin. Ráitis phrionsabail seachas cearta sonracha atá i gceist le roinnt acu. Luaitear go bhfuil roinnt díobh faoi réir ag, arna rialáil ag, nó de réir dlíthe náisiúnta. Braitheann éifeacht bheacht na Cairte ar an gceart a glaodh, ar na teorainneacha atá ar an gceart, ar an mbealach a gcosnaítear leis an gCairt é agus ar inniúlacht an AE sa réimse atá i gceist.
COINBHINSIÚN NA hEORPA UM CHEARTA AN DUINE
Tá Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine daingnithe ag na ballstáit ar fad. Tá sé beartaithe leis an gConradh go ngéillfidh an AE féin (is é sin, ní díreach na ballstáit ina cheann agus ina cheann) don Choinbhinsiún sin. Má tharlaíonn an géilleadh sin, cheanglófaí ar an AE Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine a urramú ina ghníomhaíochtaí ar fad. D’fhéadfadh daoine aonair, a chreideann gur sháraigh an AE a gcearta faoin gCoinbhinsiún, cás in aghaidh an AE a thabhairt os comhair Chúirt na hEorpa um Chearta an Duine ansin.
K. Athruithe ar Institiúidí Eile
Ard-Ionadaí don Bheartas Gnóthaí Eachtracha agus Slándála
Foráiltear le Conradh Liospóin go gcomhcheanglófar feidhmeanna reatha an Ard-Ionadaí don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála agus feidhmeanna reatha an Choimisinéara Eorpaigh don chaidreamh seachtrach lena chéile.
An Chomhairle Eorpach a cheapfaidh an duine. Beidh sé/sí ina bhall nó ina ball den Choimisiún.
Cuirfear Seirbhís Gníomhaíochtaí Eachtraí nua ar bun chun tacú leis an Ard-Ionadaí.
An Chúirt Bhreithiúnach Eorpach (ECJ)
Beartaítear le Conradh Liospóin go ndéanfar roinnt athruithe ar na nósanna imeachta a bhíonn i gceist le feidhmiú na Cúirte. Tá sé beartaithe ainm na Cúirte Chéadchéime a athrú go dtí an Chúirt Ghinearálta. Tá sé beartaithe freisin go dtabharfaí cumhachtaí níos mó don Chúirt le fíneálacha a fhorchur ar bhallstáit as dlí an AE a shárú.
An Banc Ceannais Eorpach
Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin go n-ainmneofar an Banc go foirmiúil mar cheann d’institiúidí an AE.






