The Lisbon Treaty Referendum Commission

TComhlacht neamhspleách is ea an Coimisiún Reifrinn, a cuireadh ar bun leis an Acht Reifrinn, 1998 arna leasú leis an Acht Reifrinn 2001. Cibé uair go mbeidh reifreann le tarlú beidh bunú Coimisiúin Reifrinn faoi rogha an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil.

Is é príomhról an Choimisiúin Reifrinn ná ábhar na moltaí atá i gceist le reifrinn a mhíniú, feasacht an phobail ar an reifreann a chur chun cinn agus na toghthóirí a spreagadh le vótáil ar lá na vótaíochta.

De réir Acht 1998, tá an Breitheamh Onórach Frank Clarke ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh le gníomhú mar Chathaoirleach an Choimisiúin. Foráiltear leis an Acht gurb iad seo comhaltaí eile an Choimisiúin:
  • an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tUas. John Buckley
  • an tOmbudsman, Emily O’Reilly, Uas
  • Cléireach Dháil Éireann, an tUas. Kieran Coughlan
  • Cléireach Sheanad Éireann, Deirdre Lane, Uas.

 

Fógraí maidir le Comhlachtaí Ceadaithe:

Déan iarratas leis an gCoimisiún Reifrinn ar a bheith i do Chomhlacht Ceadaithe. Tabhair do d’aire gurb é an lá deireanach a nglacfar le hiarratais ná 12 um nóin an 8 Meán Fómhair 2009.

 

Nótaí Mínithe ar iarratas ó chomhlacht chun bheith ina Chomhlacht Ceadaithe
chun críocha Alt 7 d'Acht an Reifrinn 1998
An Bille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2009 (Conradh Liospóin)(Ní míniú dlíthiúil an nóta seo.)

Faoi Acht an Reifrinn 1998, níl ach comhlachtaí a cheadaítear faoi Alt 7 den Acht i dteideal gníomhairí a cheapadh chun freastal ar eisiúint agus oscailt páipéar ballóide postvótálaithe, ag stáisiúin vótaíochta agus ag comhaireamh na vótaí. Chun bheith ina chomhlacht ceadaithe chun críocha an Achta, ní mór do comhlacht iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún Reifrinn ar dhearbhú gur chomhlacht ceadaithe é chun críocha an reifrinn lena mbaineann.  Ní mór an t-iarratas a bheith i scríbhinn agus san fhoirm a shonrófar (i gceangal leis seo), agus seoladh an chomhlachta sa Stát a bheith san áireamh ann.

Le linn an t-iarratas a dhéanamh, ní mór na coinníollacha seo a leannas a chomhlíonadh :-

  1. Ní mór leas bona fide a bheith ag an iarratasóir so togra;
  2. Ní mór don iarratasóir a bheith ina chomhlacht corpraithe nó ina chomhlacht neamhchorpraithe atá, nó a bhfuil brainse de, bunaithe sa Stát;
  3. Ní mór don iarratasóir a bheith faoi rialú ag bunreacht, ag meamram comhlachais nó ag doiciméad eile den sórt sin nó ag rialacha eile i scríbhinn;
  4. Ní mór ballraíocht nach lú ná 300 a bheith ag an iarratasóir
  5. Ni mór don iarratasóir duine a ainmniú chun bheith ina oifigeach údaraithe dó chun críocha an Achta agus ainm agus seoladh an duine sin a chur san áireamh san fhoirm iarratais.

 

Meastar páirtí polaitíochta atá cláraithe faoi láthair i gClár na bPáirtithe Polaitíochta a bheith ina chomhlacht, áfach (i.e. ní gá dó coinníollacha 1 - 4 thuas a chomhlíonadh ach ní mór dó iarratas a dhéanamh chun bheith ina chomhlacht ceadaithe chun críocha an reifrinn).  Is ceart a thabhairt faoi deara go leannann comhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas de cheart a bheith acu gníomhairí den sórt seo a cheapadh.

Duine a thabharfaidh faisnéis bhréagach go feasach don Choimisiún faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná €634.87 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí nó iad araon a chur air nó uirthi.  I gcás inar deimhin leis an gCoimisiún gur tugadh faisnéis bhreagach dó faoin alt seo déanfaidh an Coimisiún aon dearbhú a bheidh déanta aige i ndáil leis an iarratas lena mbaineann an chúlghairm.

Faoi Alt 9 den Acht, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis nó na doiciméid sin go léir a bheidh i seilbh an chomhlachta nó a bheidh ar fáil aige a iarraidh air, is faisnéis nó doiciméid a theastóidh le réasún ón gCoimisiún chun an t-iarratas a chinneadh.  Ní mór d'Oifigeach Údaraithe an chomhlachta lena mbaineann déanamh de réir iarrataí laistigh de 7 lá agus mura ndéantar amhlaidh measfar an t-iarratas ar dhearbhú a bheith tarraingthe siar.  Tá feidhm ag pionóis den tsamhail chéanna leo sin a thuairiscítear anseo thuas faoin alt seo freisin i gcás ina ndéanfaidh comhlacht faisnéis bhréagach a thabhairt go feasach mar fhreagra ar iarraidh faoin alt seo.

Tar éis dearbhú a bheith déanta aige, déanfaidh an Coimisiún Reifrinn ainm agus seoladh an chomhlachta agus ainm agus seoladh an oifigigh údaraithe a chur in iúl don cheann comhairimh reifrinn.

 

Íoslódáil an Fhoirm Iarratais le haghaidh Comhlachtaí Ceadaithe

MORE INFORMATION

  • DOWNLOAD TREATY
  • HISTORY
  • NEWS
  • DOWNLOAD GUIDE
  • DOWNLOAD GUIDE
  • REFERENDUM COMMISSION
  • CONTACT US