Vótáil sa Reifreann
Tá tú i dteideal vótáil sa reifreann maidir le Conradh Liospóin
-
más saoránach Éireannach thú agus
-
má tá tú 18 mbliana d’aois nó os a chionn agus
-
má tá tú i do chónaí in Éirinn agus
- má tá tú ar Chlár na dToghthóirí.
Clár na dToghthóirí
Tiomsaíonn na húdaráis áitiúla (comhairlí contae agus comhairlí cathrach) Clár na dToghthóirí gach bliain. Foilsítear an 1 Feabhra gach bliain é agus bíonn sé bailí ó 15 Feabhra gach bliain. Tá an clár reatha bailí ó 15 Feabhra 2009 go dtí 14 Feabhra 2010. Bíonn cóipeanna den Chlár ar fáil in oifigí poist, leabharlanna poiblí agus Stáisiúin Gharda de ghnáth mar sin is féidir leat an clár a sheiceáil ansin le féachaint an bhfuil d’ainm ar an gclár. Is féidir leat é a sheiceáil ar líne freisin ag http://www.checktheregister.ie.
D’Ainm a Chur ar an gClár Forlíontach
Mura bhfuil d’ainm ar an gclár nó, má tá sé ar an gclár ach nach bhfuil tú i do chónaí san áit mar a bhfuil tú cláraithe a thuilleadh, is féidir leat d'ainm a chur ar an gClár Forlíontach. Ba chóir duit é seo a dhéanamh láithreach.
Beidh ort foirm a chomhlánú, ar féidir leat a fháil ó d’údarás áitiúil nó a íoslódáil:
Foirm RFA2 Is é seo an ceann le húsáid mura bhfuil tú ar an gclár ar chor ar bith:
Íoslódáil
Foirm RFA3 Is é seo an ceann le húsáid má tá tú ar an gclár ach bhog tú ón seoladh atá le feiceáil ar an gclár: Íoslódáil
Ní mór duit dul go dtí do Stáisiún Garda áitiúil ionas go ndeimhneofar do chéannacht agus go síneofar an fhoirm. Ba chóir duit cárta nó cáipéis aitheantais a bhfuil grianghraf air - pas nó ceadúnas tiomána mar shampla, a thabhairt leat. Féadfar fianaise ar do sheoladh a iarraidh ort freisin - bille fóntais (gás, leictreachas) mar shampla. Ní mór duit an fhoirm a shíniú os comhair comhalta den Gharda Síochána.
Mura féidir leat dul go dtí an Stáisiún Garda, d’fhéadfá bheith in ann an fhoirm a chomhlánú ag oifig d'údaráis aitiúil – beidh cáipéis aitheantais chomhchosúil ag teastáil uait.
Mura féidir leat dul go dtí an Stáisiún Garda nó d'oifig údarás áitiúil toisc go bhfuil tinneas fisiciúil nó míchumas fisiciúil ort, d’fhéadfadh do dhochtúir cuid den fhoirm a chomhlánú.
Teorainneacha Ama don Chlár Forlíontach
Chun d'ainm a chur ar an gClár forlíontach in am don reifreann, ba chóir duit an fhoirm riachtanach a chomhlánú agus í a sheoladh chuig d’údarás áitiúil roimh an gceathrú lá dhéag (Domhnaigh, laethanta saoire poiblí agus Aoine an Chéasta as an áireamh) roimh lá na vótaíochta.
Spreagann an Coimisiún Reifrinn thú le: Seiceáil an bhfuil tú ar Chlár na dToghthóirí agus, mura bhfuil, Déan cinnte go gcuirfidh tú d’ainm ar an gClár Forlíontach |
Vóta Poist
Tá an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais go gcuirfear duine ar Liosta na bPostvótálaithe (15 Iúil 2009) imithe anois.
Tá na catagóirí daoine seo a leanas cláraithe mar vótálaithe poist:
-
Comhaltaí lánaimsire de na Fórsaí Cosanta; agus
-
Taidhleoirí na hÉireann arna bpostú thar sáile chomh maith lena gcéile.
Féadfaidh na catagóirí daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh le clárú mar vótálaithe poist:
-
Baill den Gharda Síochána;
-
Má tá tú i do chónaí sa bhaile ach mura bhfuil tú in ann dul chuig stáisiún vótaíochta le vótáil mar gheall ar thinneas fisiciúil nó mhíchumas fisiciúil;
-
Má tá tú i gceird ar dócha go gcuirfidh sé bac ort vótáil ag do stáisiún vótaíochta áitiúil ar lá an reifrinn - tá mic léinn lánaimseartha atá cláraithe sa bhaile ach atá ina gcónaí in áit eile agus iad ag freastal ar institiúid oideachais sa Stát san áireamh leis seo; agus
-
Mura bhfuil tú in ann vótáil ag do stáisiún vótaíochta mar gheall ar chúinsí do choinneála i bpríosún de bhun ordaithe cúirte.
Cuirtear Clár na Vótálaithe Poist le chéile ag an am céanna is a chuirtear Clár na dToghthóirí le chéile. Mura bhfuil tú ar Chlár na Vótálaithe Poist, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh go gcuirfear d'ainm ar Chlár Forlíontach na Vótálaithe Poist trí d'údarás áitiúil - téigh i dteagmháil leo chun an fhoirm ábhartha a fháil. Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais go gcuirfear ainm san Fhorlíonadh a ghabhann le Liosta na Vótálaithe Poist ná 2 lá tar éis don ordú a bheith déanta faoi lá vótaíochta an Reifrinn.
Vótálaithe le Míchumais
Tá na cearta céanna vótála ag daoine le míchumais is atá ag gach duine eile. Tá socruithe i bhfeidhm chun cabhrú le daoine le míchumais a gceart le vótáil a fheidhmiú. Tá na socruithe seo le haghaidh daoine a bhfuil míchumas fisiciúil orthu nó míchumas léitheoireachta nó scríbhneoireachta.
Vótáil ag stáisiún vótaíochta difriúil
D’fhéadfá a bheith in ann vótáil ag stáisiún vótaíochta difriúil mura mbíonn do stáisiún áitiúil inrochtana. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh leis an gceann comhairimh (an duine a bhíonn freagrach as an reifreann sa dáilcheantar) comh luath agus is féidir agus, in aon chás, seachtain roimh an vóta ar a laghad ionas go mbeidh cead agat vótáil ag stáisiún vótaíochta difriúil sa dáilcheantar. Más féidir seo, eisíonn an ceann comhairimh údarú scríofa chugat chun vótáil ag an stáisiún vótaíochta malartach.
Cabhair leis an vótáil
I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh compánach nó an t-oifigeach ceannais (an duine atá i gceannas ar an stáisiún vótaíochta) cabhrú leat vótáil. Féadfaidh compánach do pháipéar ballóide a mharcáil má bhíonn míchumas amhairc nó fisiciúil eile ort nó fadhbanna litearthachta. Caithfidh go mbeidh do chompánach 16 bliana d'aois ar a laghad, ní fhéadfaidh sé nó sí a bheith ina (h)iarrthóir nó ina g(h)níomhaire d’iarrthóir ag an reifreann agus ní fhéadfaidh sé nó sí cabhrú le níos mó ná beirt toghthóir ag reifreann.
Liosta Speisialta na Vótálaithe
Tá Liosta Speisialta na Vótálaithe le haghaidh daoine le tinneas fisiciúil nó míchumas fisiciúil atá ina gcónaí in ospidéal, i dteach altranais nó in institiúid chomhchosúil agus nach bhfuil in ann dul chuig stáisiún vótaíochta. Tiomsaítear an liosta ag an am céanna agus a thiomsaítear Clár na dToghthóirí. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh go gcuirfear d’ainm ar Liosta Speisialta Forlíontach na Vótálaithe trí d'údarás áitiúil - téigh i dteagmháil leo chun an fhoirm ábhartha a fháil. Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais go gcuirfear ainm san Fhorlíonadh a ghabhann le Liosta na Vótálaithe Specialta ná 2 lá tar éis don ordú a bheith déanta faoi lá vótaíochta an Reifrinn.
Ní gá go mbeadh do mhíchumas ina bhac ort do cheart le vótáil a fheidhmiú. |






