Tháinig roinnt saincheisteanna sonracha chun cinn i rith an fheachtais deiridh ar léir iad a bheith tábhachtach do roinnt vótálaithe. Ní rachfadh Conradh Liospóin i bhfeidhm ar roinnt de na saincheisteanna seo ach is ábhar imní iad mar sin féin do roinnt vótálaithe. Tá dearbhuithe tugtha ag an gComhairle Eorpach i leith roinnt díobh seo ó shin. Anseo, pléimid leis na príomh-shaincheisteanna ar léiríodh gurbh ábhar imní do dhaoine iad agus mínímid cibé acu an rachfadh an Conradh i bhfeidhm orthu nó nach rachfadh, agus dá rachfadh, cén chaoi.
Is iad seo a leanas na saincheisteanna sin:
A) Saincheisteanna sóisialta agus an ginmhilleadh san áireamh
B) An cánachas
C) Beartas cosanta agus eachtrach
D) Cearta na n-oibrithe agus seirbhísí sóisialta.
Focal faoi na dearbhuithe ón gComhairle Eorpach d’Éirinn
Ghlac an Chomhairle Eorpach (Ceannairí Rialtais) cinneadh i Meitheamh 2009 maidir le roinnt saincheisteanna arbh ábhar imní iad do roinnt daoine i measc thoghthóirí na hÉireann i reifreann 2008. Déantar cur síos ar an gcinneadh seo uaireanta mar rud a sholáthraíonn dearbhuithe nó ráthaíochtaí d’Éirinn nach rachfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm ar dhlíthe áirithe de chuid na hÉireann sna réimsí seo:
- An ceart chun na beatha, an teaghlach agus an t-oideachas
- An cánachas
- An tslándáil agus an chosaint
Bheadh an cinneadh seo ina chuid de chomhaontú idirnáisiúnta a bheadh ina cheangal ar na ballstáit. Tá an Chomhairle Eorpach tar éis a chomhaontú freisin go gcuirfear an cinneadh seo isteach i gConradh de chuid an AE amach anseo mar phrótacal. Bheadh an cinneadh ina chuid de dhlíthe an AE dá thoradh sin.
A) Saincheisteanna sóisialta agus an ginmhilleadh san áireamh
Ní bheartaítear aon athruithe le Conradh Liospóin i ndáil leis an nginmhilleadh nó cearta teaghlaigh.
Deirtear ann go bhfuil an t-oideachas ar cheann de na réimsí a bhfuil an ceart eisiach ag na ballstáit aonair dlíthe a dhéanamh ina leith.
Dá ndaingneofaí Conradh Liospóin, thabharfadh sé stádas dlíthiúil don Chairt um Chearta Bunúsacha lena liostaítear na cearta sibhialta, polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha a aithníonn an AE.
Deirtear i gcinneadh na Comhairle Eorpaí nach dtéann an Chairt ná na forálacha i gConradh Liospóin a bhaineann le réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais, i bhfeidhm ar na hairteagail i mBunreacht na hÉireann lena bpléitear leis an gceart chun na beatha, le cosaint an teaghlaigh, agus le cosaint na gceart i leith an oideachais.
Tuilleadh Eolais
A1. AN CEART CHUN NA BEATHA, AN TEAGHLACH AGUS AN tOIDEACHAS
Deirtear le cinneadh na Comhairle Eorpaí nach dtéann aon ní i gConradh Liospóin, lena luaitear stádas dlí leis an gCairt um Chearta Bunúsacha ná aon ní ina fhorálacha i Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais i bhfeidhm ar raon agus ar fheidhmiú airteagail Bhunreacht na hÉireann lena bpléitear leis an gceart chun na beatha (Airteagal 40.3.1°); cosaint an teaghlaigh (Airteagal 41) agus cosaint na gceart i leith an oideachais (Airteagal 42 agus 44.2.4° agus 44.2.5°).
B) An Cánachas
Ní féidir leis an AE beartais na hÉireann maidir leis an gcánachas díreach a athrú ach amháin sa chás go mbeidh comhaontú d’aontoil ann i gComhairle na nAirí.
Tá sé de chumhacht ag Éirinn aon athrú den sórt sin a chrosadh mar sin, agus ní athraíonn Conradh Liospóin é seo.
Tá sé ráite ag an gComhairle Eorpach nach ndéantar athrú ar bith de chineál ar bith, le ní ar bith atá i gConradh Liospóin, d’aon bhallstáit i ndáil le cumhachtaí an AE i leith an chánachais.
C) Beartas Cosanta agus Eachtrach
Má dhaingnítear Conradh Liospóin, leanfaí ar aghaidh le cinntí maidir leis an mbeartas cosanta agus eachtrach a dhéanamh d’aontoil.
Bheadh sé d’oibleagáid ar Bhallstáit cabhrú le Ballstát eile arb íospartach fogha armtha é, de réir Chairt na Náisiún Aontaithe, ach ní foláir nach laigede dá bharr seo tréithe na mbeartas atá ag stáit áirithe, beartas na hÉireann maidir leis an neodracht san áireamh.
Bheadh sé d’oibleagáid ar Bhallstáit cabhrú lena chéile más íospartach ionsaí sceimhlitheora nó tubaiste nádúrtha nó tubaiste ar duine is cúis léi, aon cheann de na ballstáit. Chaithfeadh an Chomhairle Eorpach na mionsonraí a bheidh i gceist leis an gcomhoibriú seo a chomhaontú. Tugtar an ‘clásal dlúthpháirtíochta’ air seo.
Leanfaí ar aghaidh leis na socruithe reatha le haghaidh neodracht mhíleata na hÉireann. Deirtear i gcinneadh na Comhairle Eorpaí nach ndéantar difear ná nach ndéantar dochar le Conradh Liospóin do bheartas traidisiúnta na hÉireann i leith na neodrachta míleata.
Is faoi gach Ballstát a bheadh sé a chinneadh cibé acu an nglacfaidh sé páirt sa Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, agus a leibhéal caiteachais fein ar chúrsaí míleata a chinneadh.
Tuilleadh Eolais
Slándáil agus Cosaint
Leagtar amach le cinneadh na Comhairle Eorpaí (Ceannairí Rialtais) na treoirphrionsabail atá ann le haghaidh gníomhartha idirnáisiúnta an AE. Is iad seo a leanas na treoirphrionsabail seo: an daonlathas, riail an dlí, uilíocht agus doroinnteacht chearta an duine agus shaoirsí bunúsacha, urraim do dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus urraim do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus don dlí idirnáisiúnta. Tá comhbheartas slándála agus cosanta an AE ina dhlúthchuid den Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála. Soláthraíonn sé an cumas oibriúcháin don AE le tabhairt faoi mhisin leis an tsíocháin a choimeád, coimhlintí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a láidriú de réir phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe..
Luaitear níos déanaí i gcinneadh na Comhairle Eorpaí (Ceannairí Rialtais) nach ndéanann comhbheartas slándála agus cosanta an AE dochar do bheartas slándála agus cosanta gach ballstáit, Éire san áireamh, ná d’oibleagáidí aon bhallstáit. Thairis sin, luaitear sa chinneadh nach ndéanann Conradh Liospóin difear ná dochar do bheartas traidisiúnta na hÉireann ó thaobh na neodrachta míleata de. Is faoi gach ballstát a bheidh sé cinneadh a dhéanamh faoin gcineál fóirithinte nó cúnaimh a sholáthrófar do bhallstát eile a ndírítear ionsaí sceimhlitheoireachta air nó arb íospartach fogha armtha ar a chríocha é.
Bheadh cinneadh d’aontoil ón gComhairle Eorpach riachtanach le haghaidh aon chinnidh le dul i dtreo comhchosanta. Is faoi gach ballstát, Éire san áireamh, a bheadh sé a chinneadh cibé acu an nglacfaidh sé comhchosaint nó nach nglacfaidh. Is faoi gach ballstát freisin a chinneadh cibé acu an nglacfaidh sé páirt i gcomhar struchtúrtha buan nó sa Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint. Ní fhoráiltear le Conradh Liospóin le haghaidh arm Eorpach a chruthú nó le haghaidh aon chineáil choinscríofa. Ní théann se i bhfeidhm ar cheart na hÉireann nó ar cheart aon bhallstáit eile le cineál agus méid a chaiteachais chosanta agus slándála agus le cineál a gcumas cosanta a chinneadh. Is faoi Éirinn nó aon bhallstát eile a bheidh sé a chinneadh cibé acu an nglacfaidh sé páirt in aon oibríocht mhíleata nó nach nglacfaidh..
An stádas dlíthiúil atá ag cineadh na Comhairl e Eorpaí
Tá an cinneadh seo i gconradh idirnáisiúnta nua a mbeidh ceangal dlí ag gabháil leis do 27 mBallstát uile an AE. Níl sé ina chuid de Chonradh Liospóin. Tá an Chomhairle Eorpach tar éis a chomhaontú go gcuirfear prótacail isteach i gconradh de chuid an AE a bheidh ann níos déanaí chun éifeacht iomlán a thabhairt do na cinntí seo i ndlí an AE (is dócha gur Conradh Aontachais do bhallstát nua – ar nós na Cróite nó na hÍoslainne – a bheidh sa chonradh seo). Is é an phríomhdhifríocht idir an conradh idirnáisiúnta seo agus prótacal a ghabhann le Conradh de chuid an AE ná cé go ngabhann ceangal dlí le conradh idirnáisiúnta do na páirtithe a shínigh é, ní ghabhann meicníocht leis lena fhorfheidhmiú. Tagann Conradh de chuid an AE, agus aon phrótacal a ghabhann leis, chun a bheith ina gcuid de dhlí an AE agus is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach iad a fhorfheidhmiú ar an mbealach céanna is a dhéantar le dlíthe eile an AE.Tiocfaidh an conradh idirnáisiúnta nua i bhfeidhm ar an lá céanna is a thiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, má dhaingníonn na ballstáit ar fad é.
.
Dear bhú ó Rialtas na hÉir ean
Ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach a ndearnadh an cinneadh seo lena linn, rinne Éire dearbhú i ndáil leis an neodracht mhíleata. Leagtar beartais agus cleachtais na hÉireann amach leis seo. Athluaitear leis go gcaithfear na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh ionas go nglacfaidh comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann páirt in oibríochtaí thar sáile lena n-áirítear na cinn sin arna ndéanamh faoi chomhbheartas slándála agus cosanta na hEorpa::
- Caithfidh an Chomhairle Slándála nó Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an oibríocht a údarú
- Caithfidh Rialtas na hÉireann toiliú leis an oibríocht
- Caithfidh Dáil Éireann í a cheadú
Beidh an dearbhú seo comhcheangailte leis an ionstraim daingniúcháin má dhaingníonn Éire Conradh Liospóin.
D) Cearta na n-oibrithe agus seirbhísí sóisialta
Bhí imní ar roinnt vótálaithe Éireannacha maidir leis an tsaincheist ó thaobh chearta
na n-oibrithe agus seirbhísí sóisialta freisin. Tá fógra ann ón gComhairle Eorpach
(Ceannairí Rialtais) go ndeimhníonn sí gur fíorthábhachtach leis an AE an méid seo
a leanas:
- An dul chun cinn sóisialta agus cosaint chearta na n-oibrithe
- Na seirbhísí poiblí
- An fhreagracht atá ar na ballstáit as seirbhísí oideachais agus seirbhísí sláinte a sheachadadh
- An ról riachtanach agus an rogha leathan atá ag údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le seirbhísí, lena mbaineann leas eacnamaíoch ginearálta, a sholáthar
Ráiteas polaitíochta atá san fhógra seo ón gComhairle Eorpach maidir le cearta na n-oibrithe. Níl ceangal dlí ag gabháil leis.






