Céard atáthar ag iarraidh ort a chinneadh
Ag an reifreann an 2ú Deireadh Fómhair, tá ceist á cur ort atá cosúil leis an gceann a cuireadh ort i Meitheamh 2008: An mian leat go ndaingneodh Éire Conradh Liospóin? Tá roinnt cinntí déanta ó reifreann Mheitheamh 2008 áfach a athraíonn an comhthéacs ó thaobh cúrsaí dlí agus polaitíochta atá i gceist agus an reifreann seo á reáchtáil, chun tuilleadh a fháil amach faoi na cinntí seo téigh go dtí Cor Nua sa Scéal ó 2008.
Níl athrú déanta ar Chonradh Liospóin féin.
De bharr an athraithe seo atá beartaithe, cheadófaí d’Éirinn:
-
Conradh Liospóin a dhaingniú
-
Toiliú le cinntí áirithe i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais amach anseo le ceadú na Dála agus an tSeanaid
- Toiliú, ag an gComhairle Eorpach, le hathruithe áirithe ar chonarthaí an AE amach anseo gan reifreann a reáchtáil ach bheadh ceadú na Dála agus an tSeanaid riachtanach lena aghaidh sin
Céard atá i gceist le Conradh Liospóin
Tá sé beartaithe leis an gConradh go leasófar an dá phríomhchonradh lena rialaítear an tAE, ach níl sé beartaithe go dtiocfadh Conradh Liospóin ina n-ionad. Is iad an dá phríomhchonradh sin ná:
- an Conradh lenar bunaíodh an Comhphobal Eorpach (Conradh an CE);
- an Conradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht).
D’athrófaí ainm Chonradh an CE de thoradh an Chonartha freisin, go dtí an "Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh".
Céard a tharlóidh má vótálann tú SEA?
Má vótálann tromlach na vótálaithe "sea" athrófar Bunreacht na hÉireann ansin agus daingneoidh Éire an Conradh. Má dhaingníonn Ballstáit eile uile an AE an Conradh freisin, tiocfaidh sé i bhfeidhm ansin.
Céard a tharlóidh má vótálann tú NÍ HEA?
Má vótálann tromlach na vótálaithe "ní hea", ní athrófar an Bunreacht ansin agus ní fhéadfaidh Éire an Conradh a dhaingniú. Ní fhéadfaidh an Conradh teacht i bhfeidhm ach amháin sa chás go ndaingneoidh gach Ballstát é. Leanfadh an tAE ar aghaidh le bheith ag feidhmiú faoina rialacha reatha.
Tuilleadh Eolais
Tá an moladh leis an mBunreacht a athrú sa Bhille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Conradh Liospóin) 2009. Beartaítear leis go leasófar Airteagal 29.4 den Bhunreacht. Pléitear le caidreamh idirnáisiúnta le hAirteagal 29.4.
Is mar seo a leanas foclaíocht Airteagal 29.4 de Bhunreacht na hÉireann faoi láthair:
“1° De réir Airteagal 28 den Bhunreacht seo is é an Rialtas a oibreos, nó is le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an Stáit maidir lena chaidreamh eachtrach.
2° Ionas go bhféadfar aon fheidhm chomhallach leis an Stát a oibriú maidir lena chaidreamh eachtrach féadfaidh an Rialtas, sa mhéid go gcinnfear le dlí agus faoi chuimsiú cibé coinníollacha a chinnfear le dlí, má chinntear, aon organ stáit nó sás nó nós imeachta a chur chun críche nó a ghlacadh a chuirtear chun críche nó a ghlactar chun a leithéid sin de chuspóir ag na náisiúin is comhaltaí d’aon bhuíon nó d’aon chumann de náisiúin a bhfuil nó a mbeidh an Stát i gcomhlachas leo le haghaidh comhair idirnáisiúnta i gcúrsaí a bhaineas leo uile
3° Tig leis an Stát a bheith ina chomhalta den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (a bunaíodh le Conradh a síníodh i bPáras an 18ú lá d’Aibreán, 1951), de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (a bunaíodh le Conradh a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957) agus den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (a bunaíodh le Conradh a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957). Tig leis an Stát an Ionstraim Eorpach Aonair (a síníodh thar ceann Bhallstáit na gComhphobal i Lucsamburg an 17ú lá d’Fheabhra, 1986, agus sa Háig an 28ú lá d’Fheabhra, 1986) a dhaingniú.
4° Tig leis an Stát an Conradh ar an Aontas Eorpach a síníodh i Maastricht ar an 7ú lá d’Fheabhra, 1992, a dhaingniú agus tig leis a bheith ina chomhalta den Aontas sin.
5° Tig leis an Stát Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus Ionstraimí gaolmhara áirithe, a síníodh in Amstardam an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1997, a dhaingniú.
6° Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a shocraítear le hAirteagail 1.11, 2.5 agus 2.15 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 5° den alt seo nó fúthu agus leis an dara Prótacal agus leis an gceathrú Prótacal atá leagtha amach sa Chonradh sin nó fúthu ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.
7° Tig leis an Stát Conradh Nice ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus Ionstraimí gaolmhara áirithe, a síníodh in Nice an 26ú lá d’Fheabhra, 2001, a dhaingniú.
8° Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a shocraítear le hAirteagail 1.6, 1.9, 1.11, 1.12, 1.13 agus 2.1 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7° den alt seo nó fúthu ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.
9° Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun Airteagal 1.2 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7° den alt seo i gcás ina mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin.
9° Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun Airteagal 1.2 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7° den alt seo i gcás ina mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin.
10° Ní dhéanann aon fhoráileamh atá sa Bhunreacht seo aon dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta lenar ghlac an Stát, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach nó de na Comhphobail a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta lenar ghlac an tAontas Eorpach nó na Comhphobail nó institiúidí díobh, nó comhlachtaí atá inniúil faoi na Conarthaí ag bunú na gComhphobal, ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.
11° Tig leis an Stát an Comhaontú maidir le Paitinní Comhphobail a tarraingíodh suas idir Ballstáit na gComhphobal agus a rinneadh i Lucsamburg ar an 15ú lá de Nollaig, 1989, a dhaingniú.”
Athr ú at á beartaithe
Tá sé beartaithe go leasófar Airteagal 29.4 trí fho-alt 3° a athrú agus sé fho-alt nua a chur in ionad fho-ailt 4° – 11°. (Míniú ar na hathruithe atá sa script sa chló trom iodálach.)
Is mar seo a leanas a bheadh téacs fho-alt 3° tar éis a leasaithe:
“3° Tig leis an Stát a bheith ina chomhalta den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (a bunaíodh le Conradh a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957). ”
(Is éard atá i gceist leis seo ná na tagairtí don Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus do Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a scriosadh amach. Ní ann don Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a thuilleadh. Ní bheadh aon ghá leis an tagairt do Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa dá ndaingneofaí Conradh Liospóin.)
Tá sé beartaithe fo-ailt 4° – 11° atá ann cheana féin a aisghairm agus sé fho-alt nua a chur ina n-ionad:
“4° Dearbhaíonn Éire a tiomantas i leith an Aontais Eorpaigh ar laistigh de a oibríonn Ballstáit an Aontais sin le chéile chun an tsíocháin, comhluachanna agus leas a bpobal a chur chun cinn.”
(Foráil nua is ea í seo nach bhfuil aon fhoráil ar aon dul leis sa Bhunreacht reatha. Léirítear leis an bhforáil an fhoclaíocht atá i gConradh Liospóin agus is éard atá i gceist leis ná go gcuirfí tiomantas na hÉireann don AE agus dá luachanna in iúl.)
“5° Tig leis an Stát Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, a síníodh i Liospóin an 13ú lá de Nollaig 2007 (“Conradh Liospóin”), a dhaingniú, agus tig leis a bheith ina chomhalta den Aontas Eorpach a bhunaítear de bhua an Chonartha sin.”
(Tugtar cead leis seo le Conradh Liospóin a dhaingniú. Níl na forálacha atá ann cheana féin lena ndaingnítear conarthaí a rinneadh níos luaithe riachtanach a thuilleadh toisc go gcuimsítear na conarthaí sin le Conradh Liospóin.)
“6° Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo aon dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta lenar ghlac an Stát, roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, ar theacht i bhfeidhm dó nó tar éis teacht i bhfeidhm dó, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach dá dtagraítear i bhfo-alt 5° den alt seo nó den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta lenar ghlac—
i an tAontas Eorpach sin nó an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó institiúidí den chéanna,
ii na Comhphobail Eorpacha nó an tAontas Eorpach a bheidh ar marthain díreach roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, nó institiúidí den chéanna, nó
iii comhlachtaí atá inniúil faoi na conarthaí dá dtagraítear san alt seo, ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.”
(Tá sé seo cosúil le fo-alt 10° atá sa Bhunreacht reatha agus tugann sé cead le forálacha Chonradh Liospóin a chur i bhfeidhm in Éirinn.)
“7° Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú —
i a bhfuil feidhm ag Airteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann le comhar feabhsaithe maidir leo,
ii faoi Phrótacal Uimh. 19 ar acquis Schengen arna chomhtháthú isteach i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gconradh sin agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (ar a dtugtaí an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh), agus
iii faoi Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na Éireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal amhlaidh, lena n-áirítear an rogha go scoirfidh an Prótacal sin Uimh. 21, go hiomlán nó go páirteach, d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Stát, ach beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.”
(Tá sé seo cosúil le fo-ailt 6° agus 8° atá sa Bhunreacht reatha. Tugann sé seo cead d’Éirinn toiliú nó diúltú le bheith páirteach i bhforálacha i ndáil leis an gcomhar feabhsaithe chomh maith le gnéithe áirithe de Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais ach ceadú Thithe an Oireachtais - is é sin, an Dáil agus an Seanad, a bheith faighte roimh ré.
Is éard atá in acquis Schengen ná corpas na ndlíthe lena bpléitear le limistéar Schengen ar limistéar saorghluaiseachta é a bhaineann le go leor ballstát den AE seachas Éire agus an Ríocht Aontaithe. Tá Éire i dteideal páirt a ghlacadh i ngnéithe áirithe de Schengen, go háirithe comhoibriú na bpóilíní. Is é an Prótacal a luaitear in iii ná an ceann lena dtugtar cead d’Éirinn diúltú le bheith páirteach i Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais. Thabharfadh an clásal seo cead d’Éirinn tarraingt siar ó rogha an diúltaithe. Tá dearbhú déanta ag Éirinn, rud atá ceangailte le Conradh Liospóin, go scrúdófar rogha seo an diúltaithe faoi cheann 3 bliana – níl ceangal dlí ag gabháil le dearbhuithe.)
“8° Tig leis an Stát aontú leis na cinntí, leis na rialacháin nó leis na gníomhartha eile arna ndéanamh—
i faoin gConradh ar an Aontas Eorpach agus faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á údarú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh gníomhú ar shlí seachas d’aontoil,
ii faoi na conarthaí sin lena n-údaraítear an gnáthnós imeachta reachtach a ghlacadh, agus
iii faoi fhomhír (d) d’Airteagal 82.2, faoin tríú fomhír d’Airteagal 83.1 agus faoi mhíreanna 1 agus 4 d’Airteagal 86 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ach beidh aontú le haon chinneadh, rialachán nó gníomh den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré ó dhá Theach an Oireachtais.”
(Pléann sé seo leis na forálacha i gConradh Liospóin lena dtugtar cead don Chomhairle Eorpach athruithe áirithe ar na Conarthaí rialaithe a chomhaontú. Ní fhéadfadh roinnt de na hathruithe seo teacht i bhfeidhm ach amháin sa chás go ndaingneodh na ballstáit iad de réir a gceanglas féin - d’fhéadfadh sé seo a fhágáil go mbeadh reifreann riachtanach in Éirinn. Thabharfadh an leasú seo ar an mBunreacht cead d’Éirinn toiliú leis ag an gComhairle Eorpach go gceadófar roinnt cinntí, a bhfuil aontoilíocht riachtanach ina leith faoi láthair, a dhéanamh le VTC agus cinntí áirithe, arna ndéanamh ag an gComhairle faoi láthair, a dhéanamh trí chinneadh ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa i gcomhar lena chéile ach ní fhéadfaí é seo a dhéanamh gan cheadú an Oireachtais - an Dáil agus an Seanad - roimh ré.)
“9° Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun Airteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach i gcás ina mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint sin.”
(Tá sé seo cosúil le fo-alt 9° atá sa Bhunreacht reatha, arna athmhúnlú chun Conradh Liospóin a chur san áireamh.)
Fo-alt de bharraíocht atá i bhfo-alt 11° sa Bhunreacht reatha go héifeachtach, toisc nár tháinig Coinbhinsiún Lucsamburg maidir le Paitinní i bhfeidhm riamh..
Nós Imeachta le haghaidh Reifrinn
Is é an nós imeachta le haghaidh reifrinn ná go gcuirtear Bille leis an reifreann a cheadú tríd an Dáil agus an Seanad ar an ngnáthbhealach. Sa chás seo, is é an bille atá ann ná an Bille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Conradh Liospóin) 2009. Reáchtáiltear na foirmiúlachtaí a bhaineann le Bille Reifrinn a rith sa Dáil i nGaeilge agus i mBéarla chomh maith. Má bhíonn aon easaontacht idir leagain Bhéarla agus Ghaeilge an Bhunreachta, is é an téacs Gaeilge a bheidh i réim (Airteagal 25.5.4° den Bhunreacht). Reáchtáiltear an reifreann tar éis don Bhille a bheith rite.
Déantar na vótaí sa reifreann a chomhaireamh i ngach toghcheantar agus tuairiscítear na torthaí do cheann comhairimh an reifrinn. Eisíonn an ceann comhairimh deimhniú sealadach don reifrinn ansin lena luaitear toradh na vótála sna toghcheantair ar fad. Foilsítear é seo in Iris Oifigiúil go foirmiúil (is é seo an iris ina bhfoilsítear eolas oifigiúil an rialtais. Foilsítear dhá huair sa tseachtain go hiondúil í – ar an Máirt agus ar an Aoine agus bíonn sí ar fáil ar an idirlíon ag www.irisoifigiuil.ie).
Sna seacht lá tar éis di a bheith foilsithe go foirmiúil féadfaidh aon duine a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí iarratas a dhéanamh leis an Ard-Chúirt ar chead le hachainí a chur i láthair lena gceisteofar an deimhniú sealadach. Mura dtarlaíonn sé seo, déantar deimhniú críochnaitheach den deimhniú. Má thaispeáintear air go raibh tromlach na vótaí a caitheadh i bhfabhar an mholta, síníonn an tUachtarán an Bille agus leasaítear an Bunreacht dá réir. Go hiondúil, tagann téacs nua an Bhunreachta i bhfeidhm a luaithe agus a shíníonn an tUachtarán an Bille – ní tharlóidh sé sin sa chás seo. Má vótálann tromlach an toghlaigh i gcoinne an mholta, ní shínítear an Bille agus ní athraítear an Conradh.






